Bhí bua mór ag Mná na hÉireann in aghaidh an Tuaiscirt ar Dé Máirtn agus chuir na mná pian breise ar na foirne ón Tuaisceart, le bua ceannasach 6-1 acu.
Chinntigh sé sin go gcríochnóidh siad a gcéad feachtas riamh i Sraith na Náisiún le taifead 100%.
Is iontach an rud é gurbh é seo an chéad chluiche idir an dá thaobh seo ar Windsor Park ón am a bhí cúl ag Alan McLaughlin, sa chluiche 1-1 a sheol an Phoblacht chuig Corn an Domhain i mí na Samhna 1993.
Bhí bua ag foireann Eileen Gleeson sna cúig chluiche ceannais de Shraith Náisiún na mBan sular chuaigh siad isteach sa chluiche i gcoinne an Tuaisceart oíche Dé Máirt.
Ciallaíonn sé sin go raibh ardú céime go Sraith A cinnte cheana féin.
Cé go raibh bua ag teastáil ón Tuaisceart chun an dara háit a bhaint amach, agus an Ungáir ag buachan thar an Albáin i Shkoder, ní raibh mórán dul chun cinn ar feadh cuid mhór den chéad leath.
Tháinig athrú ar sin le Lucy Quinn, a rinne an-chuid nuair a d’imir na foirne seo i gcoinne a chéile i mí Mheán Fómhair.
Chuir Caitlin Hayes liathróid fhada ar aghaidh chuig captaen na foirne Katie McCabe a chuir an liathróid ar aghaidh chuig Quinn.
Rith an t-imreoir lár páirce, a imríonn do Birmingham City, chun tosaigh agus chiceáil sé an liathróid thar Maddy Harvey-Clifford.
Bhí foireann Tanya Oxtoby fós ag socrú síos, nóiméad ina dhiaidh sin, nuair a fuair na ‘Girls in Green’ an dara cúl.
Bhí Quinn lárnach arís sa chéad chúl eile, le rith síos ar chlé, sular ciceáil sí liathróid mhaith isteach i Heather Payne, a fuair an cúl.
Dhá nóiméad isteach sa dara leath chiceáil McCabe liathróid isteach chuig Kyra Carusa a scóráil an tríú cúl.
Fuair na ‘Girls in Green’ an ceathrú ceann ó McCabe.
Ansin scóráil Louise Quinn lena ceann agus tar éis don fhoireann ó Thuaidh cúl amháin a fháil, fuair ár mná cúl eile ó Caitlin Hayes.
Bua mór a bhí ann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.