Shane: ‘Tá páistí agam, níl a fhios agam ach ar mo mhac in Albain’

Tá agallamh ó 2001 athfhoilsithe ina labhraíonn Shane MacGowan faoin mac a bhí aige le hiarchailín

Labhair Shane MacGowan na blianta ó shin faoin mhac a bhí aige.

Bhí caidreamh ag Shane ar feadh 41 bliain le Victoria Mary Clarke, ach dúirt sé le hiriseoir an Observer Lynn Barber go raibh mac aige a raibh cónaí air in Albain.

Ní raibh aon chlann aige lena bhean chéile, Victoria.

Victoria Mary Clarke 2
Shane MacGowan le Victoria Mary Clarke. Pic: Mark Stedman/RollingNews.ie

D’fhiafraigh Barber de, le linn agallaimh in Óstán Blooms, Baile Átha Cliath: ‘Mar Chaitliceach, nach mbraitheann tú go dona nach bhfuil leanaí agat?’

Leis seo, d’fhreagair Shane: ‘Tá leanaí agam!’

‘Cé mhéad?’ a d’fhiafraigh Barber ansin.

‘Ní fheadar,’ arsa Shane.

‘Níl a fhios agam ach ar cheann amháin. Is fear óg é. Tá sé ina chónaí in Albain. Tá a fhios aige cá háit le greim a fháil orm.

‘Chonaic mé uair amháin é, nuair a bhí sé trí bliana. Tá a fhios aige gur mise a athair.

Shane MacGowan Victoria Mary Clarke
Shane MacGowen agus Victoria Mary Clarke Pic: Richard Young/REX/Shutterstock (13457738s)

‘Blianta ó shin, d’aontaigh mé féin agus Lesley go bhféadfadh sé teacht agus mé a fheiceáil am ar bith a theastaigh uaidh teacht chun mé a fheiceáil agus go dtógfainn amach é le haghaidh deoch, nó le haghaidh pé rud a theastaíonn uaidh.

‘Ach phós sí fear maith, agus is cosúil go bhfuil sé sásta leis mar a athair.’

  In agallamh níos déanaí leis an Daily Telegraph, dúirt Shane: ‘Ní mhian liom mé féin a bheith mar athair ar aon leanbh.’

Shane MacGowan 18
Shane MacGowan lena mháthair Therese agus a athair Maurice. Pic: Martyn Goodacre/Getty Images

Phós Shane agus Victoria in 2018. Bhuail siad le chéile nuair a bhí sé 24 bliana d’aois agus bhí sí 16 bliana d’aois. Rinne siad ceiliúradh ar a gcúigiú bliain díreach sula bhfuair sé bás.

Fuair Shane bás in aois a 65 an tseachtain seo caite, tar éis tréimhse fhada easláinte.

Dúirt Victoria ag an am: ‘Beidh Shane i gcónaí mar an solas a shealbhóidh mé romham agus tomhas mo bhrionglóidí (the measure of my dreams) agus grá mo shaoil.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram