Gearr íocaíochtaí leasa shóisialaigh do na círéibeoirí, a deir Aire na Gaeltachta

29/11/2023

D’iarr Teachtaí Dála Fhine Gael lena n-áirítear Aire na Gaeltachta Patrick O’Donovan go ndéanfaí beart níos déine in aghaidh na gcíréibeach

Tá sé molta ag Aire na Gaeltachta gur cheart go ngearrfaí a gcuid íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar na círéibeoirí a bhí páirteach san fhoréigean i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Chuir an foréigean a tharla Déardaoin seo caite isteach ar go leor polaiteoirí.

Le linn na n-ionsaithe cuireadh bus, gluaisteáin an Gharda Síochána agus carráistí Luas trí thine.

Na círéibeacha i mBaile Átha Cliath
Na círéibeacha i mBaile Átha Cliath

Tharla na círéibeacha tar éis ionsaí ar leanaí óga agus oibrí creise lasmuigh de scoil i lár na cathrach.

Gortaíodh roinnt Gardaí agus thug círéibigh ruathar ar go leor gnólachtaí lena n-áirítear Arnotts le linn na trioblóide.

Dúirt Aire Gaeltachta Fhine Gael Patrick O’Donovan gur cheart ‘pionós airgid’ a ghearradh orthu siúd a bhí páirteach sna círéibeacha agus go gcuirfí stop lena n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Ag labhairt dó ag cruinniú páirtí parlaiminte an pháirtí cheistigh sé cé mhéad duine a bhí páirteach san fhoréigean sin a bhfuil ag obair faoi láthair.

Aire na Gaeltachta Patrick O’Donovan
Aire na Gaeltachta Patrick O’Donovan

Mar an gcéanna, d’éiligh na hAirí Stáit Neale Richmond agus Jennifer O’Carroll McNeill go gcuirfí bearta ‘pionósacha cuí’ i bhfeidhm, de réir tuarascála san Irish Independent.

Dúirt Joe O’Reilly, TD de chuid Fhine Gael, gur cheart na Cúirteanna Coiriúla Speisialta a úsáid chun na círéibeacha a thabhairt chun trialach as a gcuid gníomhartha.

Dúirt an Taoiseach leis an Dáil gur chuala sé faoin ionsaí ar an bhean agus roinnt leanaí scoile ag lón a d’óstáil Cumann Tráchtála na Stát Aontaithe Déardaoin seo caite.

Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee
Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee

‘Bhí imní orm go mbeadh trioblóid mhór ann – agus bhí mé i dteagmháil leis an Aire Dlí agus Cirt,’ a dúirt an tUasal Varadkar.

Idir an dá linn, tá sé ráite ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee go mbeidh láithreacht ‘láidir agus sofheicthe’ Gardaí i mBaile Átha Cliath thar thréimhse na Nollag.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram