Tá caingean Ard-Chúirte (High Court case) socraithe mar gheall ar dhamáistí a thug aeróstach in aghaidh eastát an amhránaí Dolores O’Riordan, nach maireann, de réir tuairisce ar shuíomh idirlín nuachta RTÉ.
Thug Carmel Coyne, ó Bhóthar Cheapaí (Cappagh Road) i nGaillimh, cás in aghaidh O’Riordan in 2017 mar gheall ar eachtra ‘air rage’ ar eitilt Aer Lingus ó Nua Eabhrac go dtí an tSionainn i mí na Samhna 2014.
Ba bhall sinsearach den chriú cábáin í Ms Coyne, atá 51 bliain d’aois, agus líomhain sí gur stampáil O’Riordan, a bhí ina paisinéir grad gnó (business class), ar a cos le linn na heachtra.
D’éiligh sí damáistí as ionsaí líomhnaithe, cadhnra (battery), príosúnacht neamhdhleathach, sárú ar a ceart chun príobháideachta agus ceart chun beatha a thuilleamh. Agus mhaígh sí go raibh sí as obair ar feadh seacht mí.
Tar éis bhás O’Riordan i Londain i mí Eanáir 2018, rinneadh na himeachtaí a athbhunú chun go bhféadfaí an cás a thógáil i gcoinne ionadaithe a eastáit. Shéan na cosantóirí na héilimh.
Ar maidin Dé Céadaoin, dúradh leis an mBreitheamh Tony O’Connor go raibh an cás socraithe ar théarmaí a d’aontaigh an dá thaobh.
Dúirt an tAbhcóide Sinsearach Declan Doyle, a bhí mar ionadaí Ms Coyne agus an t-abhcóide Tadhg Dorgan, leis an mbreitheamh go bhféadfaí an scéal a scriosadh agus nár íocadh aon airgead maidir le héileamh Ms Coyne ar chailliúint tuillimh.
Dúirt an tAbhcóide Sinsearach Henry Downing gur aontaigh na cosantóirí leis an ábhar a scriosadh gan dliteanas (liability) a admháil.
Líomhain Ms Coyne go raibh O’Riordan trína chéile go feiceálach le linn na heitilte ar an 10 Samhain 2014, tar éis di Seaimpín, fíon agus poirt a ól.
Dúirt sí le Ms Coyne go raibh deireadh ag teacht lena pósadh agus rinne sí iarracht níos déanaí toitín a lasadh sa seomra folctha.
Líomhain Ms Coyne go raibh O’Riordan naimhdeach i leith paisinéara eile agus le 40 nóiméad fágtha ar an eitilt, thosaigh sí ag béicíl.
Dúirt Ms Coyne, agus an t-eitleán ag tuirlingt, gur éirigh O’Riordan amach as a suíochán agus dúirt sí ‘bain amach as an f***ing eitleán seo mé’.
Nuair a thuirling siad, dúirt Ms Coyne gur thosaigh O’Riordan ag léim suas agus ag bualadh a lámha thart agus tháinig a cos anuas ar chos Ms Coyne.
Ordaíodh do O’Riordan, a bhí ina príomhamhránaí leis na Cranberries, €6,000 a íoc le bosca na mbochtán cúirte tar éis di a bheidh ag Cúirt Dúiche na hInse (Ennis) i bhFeabhra 2016 maidir leis an eachtra.
Dúirt an Breitheamh Patrick Durcan le linn na héisteachta go mbeadh sé éagórach O’Riordan a choiriúlú mar go raibh ‘tinneas meabhrach trom’ uirthi ag an am.
Chuala an chúirt gur ghabh O’Riordan leithscéal as a gníomhartha agus go raibh an-aiféala agus náire uirthi.
Fuarthas marbh i seomra óstáin i Londain ar an 15 Eanáir 2018 í, agus í 46 bliain d’aois.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.