Tá orduithe tugtha ag breitheamh go dtabharfaí cead do phríomhoide Gaelscoile i gCo. Loch Garman filleadh ar a phost.
Bhí sé ráite ag an an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (Workplace Relations Commission, WRC), ag an gCúirt Oibreachais (Labour Court) agus ag an Ard-Chúirt cheana féin gur díbríodh Aodhagáin Ó Suird go héagórach.
Agus i rialú ar an Déardaoin, dheimhnigh an Breitheamh Brian Cregan ordú níos luaithe go bhfuil an tUasal Ó Suird le hathfhostú mar phríomhoide ar Ghaelscoil Moshiolog i nGuaire, Co. Loch Garman ( Gorey, Co Wexford).
Tagann an cinneadh breis is deich mbliana i ndiaidh dó a bheith curtha ar fionraí agus ansin é a bhriseadh as a ról.
I mí Iúil, dhíbh an Breitheamh Cregan achomharc bhord bainistíochta na scoile i gcoinne chinneadh na Cúirte Oibreachais.
Dúirt an breitheamh gur fhulaing an tUasal Ó Suird éagóir uafásach de bharr míréasúnta agus míbhreithiúnais a rinne an bord.
Dúirt sé go raibh ‘vendetta’ ag an mbord in aghaidh an phríomhoide.
Sheas an Chúirt Oibreachais le cinneadh a rinne an WRC roimhe sin.
Mar sin féin, cheap bord na scoile Carol Scott mar phríomhoide in 2016 agus dar le dlíodóirí an Aire Oideachais ní féidir le scoil beirt phríomhoide a bheith aici.
Agus ar an Déardaoin dúradh leis an mbreitheamh gur thángthas ar chomhaontú tar éis plé a dhéanamh idir ionadaí an Aire agus Ms Scott.
Níor tugadh aon sonraí faoin gcomhaontú.
Roimhe seo spreag an breitheamh na páirtithe chun aontú.
Dúirt sé go raibh comhbhrón aige le Ms Scott agus nár cheart í a bheith ceaptha ar bhonn buan, fad is a bhí dúshlán an Uasail Ó Suird ag dul ar aghaidh.
Bhí sí ina múinteoir sa scoil sular ceapadh í, agus bhí sí feasach ar na dúshláin dlí a bhí ag an Uasal Ó Suird, agus ar chinntí an WRC, na Cúirte Oibreachais agus go deimhin na hArd-Chúirte.
Bhí a fhios aici mar sin go mb’fhéidir go dtiocfadh an lá seo, am a bhféadfaí an tUasal Ó Suird a chur ar ais, dúirt an breitheamh leis.
Ní ar an Uasal Ó Suird a bhí an locht ar an scéal a raibh beirt phríomhoide mar thoradh air, a dúirt an breitheamh, ach ar bhord na scoile a bhí an locht.
Ina chinneadh, dúirt an breitheamh gur cheart don Uasal Ó Suird a phost a fháil ar ais ón Aoine 4 Lúnasa.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.