Aighneas amhráin: Tá ceoltóir Éireannach ag iarraidh ar Adam Clayton ceisteanna a fhreagairt i gcúirt faoi mhionn

24/02/2023

Tá ceoltóir Éireannach le iarraidh ar an Ard-Chúirt ordú do Adam Clayton ó U2 a chuid ceisteanna a fhreagairt faoi mhionn (under oath).

Maíonn an ceoltóir Maurice Kiely gur sheinn an banna amhrán a scríobh sé gan a chead.

Dúirt sé gur scríobh sé an t-amhrán, A Man And A Woman, agus go bhfuil caingean dlí tógtha aige in aghaidh U2 ag lorg ‘suim shuntasach’ mar chúiteamh.

Tá an t-amhrán ar albam 2004 an bhanna, How To Dismantle An Atomic Bomb, ar a bhfuil Bono agus The Edge ainmnithe mar na cumadóirí amhrán.

adam clayton 1168x681 1
Adam Clayton

Déanann Mr Kiely, as An Hall Bán (Whitehall), Baile Átha Cliath, cur síos air féin mar amhránaí, scríbhneoir agus déantóir scannán.

Tá sé maíte aige gur scríobh sé an t-amhrán go déanach sna 1990idí, agus gur sheinn sé do Clayton é.

Tá sé ráite aige gur cheadaigh sé don bhanna an traic a bheith acu dá n-albam, ach gur luaigh comhaontú ó bhéal go soiléir nar cheart é a sheinm beo.

Mar sin féin, éilíonn sé gur sheinn an banna an t-amhrán ag an Hollywood Bowl i Los Angeles i mí Dheireadh Fómhair 2011, le linn ceolchoirm chomóradh deich mbliana don Bill Clinton Foundation.

Tá iarratas tugtha chun na cúirte ag Kiely ag lorg ordú go gcaithfidh Clayton a cheisteanna a fhreagairt faoi mhionn.

U2 1 1168x681 1
U2

Bhí an t-iarratas dlite don 23 Márta, ach d’aontaigh an Breitheamh Brian O’Moore iarracht a dhéanamh éisteacht leis ar an 10 Márta, tar éis dó a bheith curtha in iúl dó gur lorg an tUasal Kiely an t-athrú dáta mar gheall ar ‘shaincheisteanna a bhaineann le sláinte’.

Labhair an tUasal Kiely leis an Irish Daily Mail taobh amuigh den chúirt faoi chúlra an cháis.

Dúirt sé: ‘Is sárú conartha é seo, a rinneadh faoi amhrán a chum mé, agus a eisíodh ar albam U2 in 2004, How To Dismantle An Atomic Bomb.’

Dúirt sé nár theastaigh uaidh an t-amhrán a léiriú beo.

‘Ar chúiseanna “sentimental” a bhí sé, mar go raibh an t-amhrán faoi bean a raibh mothúcháin láidre agam di, agus níor theastaigh uaim go n-iompódh sé ina amhrán tábhairne mealltach,’ a dúirt an tUasal Kiely.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram