Tá príomhfheachtasóir na hÉireann ar son chearta an phobail LGBTQ, David Norris, le éirí as an Seanad mar go bhfuil sé ag iarraidh an ‘baton’ a thabhairt don chéad ghlúin eile.
Chuir an Seanadóir Norris tús lena fheachtas in aghaidh dhlíthe frith-homaighnéasacha na hÉireann breis is 50 bliain ó shin agus bhí an-chuid daoine go láidir ina choinne in ‘Éire Chaitliceach’ an ama.
Tá sé creidiúnaithe anois mar an duine is mó atá freagrach as deireadh a chur le dlí frith-homaighnéasachas na hÉireann, tar éis feachtais a bhain le cásanna cúirte a mhair níos mó ná 14 bliana.
Sna 1980í, thug Norris Éire chuig an gCoimisiún Eorpach um Chearta an Duine (European Commission of Human Rights) agus níos déanaí chuig an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (European Court of Human Rights).
D’áitigh sé gur sháraigh an cosc coiriúil ar chaidreamh gnéis idir fir an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Is iar-léachtóir ollscoile é Norris, agus tá sé ag fónamh sa Seanad ó 1987, agus é ar an gcéad duine aerach oscailte a toghadh chun oifig phoiblí.
Thug Cathaoirleach an tSeanaid Jerry Buttimer ‘curaidh an chomhionannais (champion of equality)’ ar Norris.
Dúirt sé gur thóg Norris a chás cúirte ‘nuair nach raibh tóir air, nuair a bhí dearcadh mionlaigh ann’.
Dúirt sé: ‘Ba mhór an chabhair é dom i mo shaol polaitiúil agus i mo shaol pearsanta agus tá go leor againn sa phobal LGBTQ faoi chomaoin mhór ag an Seanadóir Norris nach bhféadfadh focail a chlúdach go cuí.’
Tá Norris ina ghlór Neamhspleách sa Seanad le 36 bliain anuas, tá sé ina bhall de Ghrúpa Neamhspleách an tSeanaid agus roimhe sin bhí sé ina iarrthóir uachtaránachta.
Is é an seanadóir is faide seirbhíse é faoi láthair, is é ‘Athair an Tí’ é ach dúirt sé le Trinity News go n-éireoidh sé as an bliain seo chugainn agus go mbogfaidh sé go dtí an Chipir (Cyprus).
Beidh fothoghchán le bheith ann dá shuíochán Seanad.
Cuireadh cóireáil ailse ar Norris agus rinneadh trasphlandú ae (liver) air i mí an Mheithimh 2014.
In 2011, bhí sé ina iarrthóir i dtoghchán na huachtaránachta, ag barraíocht go leor pobalbhreitheanna sular tharraing sé siar ón rás i measc na conspóide. D’fhill sé ar an Seanad ansin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.