‘Pobal LGBTQ+ faoi ionsaí’: Seasann an tAire Ó’Gorman go láidir in aghaidh éileamh maoinithe ‘bréagach’

03/04/2023

Tá seasamh láidir déanta ag Roderic O’Gorman ar son an phobail LGBTQ+, agus cháin sé seanadóir mar gheall ar  éilimh gur chuir sé airgead chuig cúiseanna LGBTQ+.

Thug an an Aire Leanaí óráid paiseanta sa Seanad an tseachtain seo, tar éis don Seanadóir Sharon Keogan a mhaíomh go raibh tionscnaimh eile curtha ar leataobh i bhfabhar tionscadail LGBTQ+ a mhaoiniú (funding).

Agus é sin á dhéanamh aige labhair TD an Chomhaontais Ghlais faoin leibhéal mí-úsáide a fhulaingíonn polaiteoirí agus baill eile den phobal LGBTQ+ in Éirinn agus ar fud na hEorpa.

LGBTQ+ Roderic O’Gorman
Roderic O’Gorman

Idir 2021 agus 2022, tugadh €1.1 milliún in airgead nár caitheadh ó roinnt scéimeanna do ghrúpaí LGBTQ+.

Agus sa Seanad d’fhiafraigh Ms Keogan: ‘Cén fáth an raibh ach eagraíochtaí LGBTQ+ ag fáil an mhaoinithe? Nach raibh aon tionscnamh eile a bhainfeadh tairbhe as seo?’

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Gardaí armtha ag lorg ‘violent
fantasist’ tar éis líomhainte
bean a mharú

Labhair an seanadóir faoi líomhaintí go raibh sé ‘ag gabháil le saghas paróisteachas (parochialism) bunaithe ar idé-eolaíocht, ag tabhairt tosaíochta do “pet project” a thagann faoi shainchúram do Rialtais thar cinn eile’.

D’fhreagair an tUasal O’Gorman leis an t-éileamh a shéanadh go dian agus sheas sé suas ar son an phobail LGBTQ+, agus é ag cur in iúl do Ms Keogan gur cheart go mbeadh ‘fios níos fearr aici’ ar an scéal.

Dúirt sé gur “villain trope” éasca é sin le chur amach, agus gur ábhair náire go rinneadh é.

LGBTQ+ Sharon Keogan
Sharon Keogan

‘Cé go bhfuil sé i gcónaí intuigthe, i gcónaí gan labhairt, tagann an éileamh go caithfidh bhfuil mé – mar pholaiteoir aerach – ag obair gan mhaitheas in iarrachtaí cabhrú leis mo phobail féin, go rachainn chomh fada le maoiniú a bhaint ó ghrúpaí leochaileacha eile chun é sin a dhéanamh.

‘A Sheanadóir, b’fhéidir gur chuala tú mé ag caint le déanaí faoin leibhéal mí-úsáide atá á fháil agam féin agus ag polaiteoirí agus gníomhaithe LGBTQ+ eile.’

Dúirt an tAire go bhfuil sraith teachtaireachtaí faighte aige ag cur ina leith gur ‘paedophile’ agus ‘groomer’ é, agus ag rá nach féidir le daoine a bheith muiníneach faoi timpeall leanaí.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Mná cróga: Labhraíonn an
tUachtarán Ó hUiginn faoin
náire a bhaineann le mí-úsáid
laistigh d’Óglaigh na hÉireann

Dúirt sé freisin: ‘Ba í an bhliain seo caite an bhliain inar chonaiceamar an leibhéal is airde foréigean i leith an phobail LGBTQ+ ar fud na hEorpa.

‘Gaireadh (summoned) mé anseo chun cuntas a thabhairt don Teach seo ar bhonn bréag iomlán.

‘Is céim síos duit é, is céim síos don Teach seo é. Níl aon imní dáiríre anseo.

‘Tá a fhios agat an próiseas buiséadach, tá a fhios agat conas a oibríonn sé, agus le fírinne, sílim gur chóir go mbeadh a fhios agat níos fearr.’

Nuair a d’fhiafraigh Ms Keogan arís cén fáth ar bhain grúpaí LGBTQ+ tairbhe as an ‘reallocation’ maoinithe seo, d’fhreagair an tUasal O’Gorman: ‘Cén fáth gurb é seo an t-aon cheann amháin a bhfuil tú ag cur ceist orm faoi?

‘Tá a fhios agam an chúis, agus tá a fhios agat an chúis… tá guth agamsa freisin, agus ní cheadóidh mé dearbhú (assertion) mar seo a chur i mo choinne.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram