Deir Simon Harris go bhfuil Iosrael ‘i mbun cogaidh in aghaidh leanaí’ in Gaza

15/11/2023

Deir an t-aire sinsearach Harris go bhfuil Iosrael dallta ag feirge (blinded by rage) agus cloiseann an Dáil go bhfuiltear ag díriú d’aon ghnó ar shibhialtaigh, iriseoirí, foireann na Náisiún Aontaithe agus oibrithe cúram sláinte.

Tá sé ráite ag Aire an Rialtais Simon Harris go bhfuil Iosrael ‘i mbun cogaidh in aghaidh leanaí’ in Gaza.

Bhí an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais ag seasamh isteach in ionad an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil ar Dé Máirt.

Dúirt sé go raibh sé de cheart ag Iosrael é féin a chosaint i ndiaidh ionsaí an 7 Deireadh Fómhair, ach go bhfuil an tír anois dallta ag feirge (blinded by rage).

Nuair a d’iarr ceannaire an Lucht Oibre, Ivana Bacik, an dtacódh an rialtas le tairiscint (motion) na nDaonlathaithe Sóisialta, Ambasadóir Iosrael a dhíbirt as Éirinn, dúirt an tAire Harris nach féidir an tsíocháin ‘a chruthú’ ar uaigheanna na bpáistí a maraíodh.

‘Níl aon dabht ach go raibh an méid a rinne Hamas suarach,’ a dúirt an tAire Harris. ‘Tá sé cáinte againn go léir, tá cáineadh tuillte acu.

Simon Harris
Simon Harris

‘Gníomh uafáis a bhí ann ar mhuintir Iosrael, ba cheart é a cháineadh agus ar ndóigh, bhí sé de cheart ag Iosrael é féin a chosaint.

‘Ach tá an ceart sin anois athraithe  go cogadh ar leanaí. Agus ní féidir leat síocháin a chruthú ar uaigheanna leanaí. Is trua go bhfuil an tír dallta ag feirge.’

Nuair a fiafraíodh de an dtacódh an Rialtas leis an tairiscint, dúirt an tAire Harris go gcuirfí moill ar iarrachtaí cabhrú le 40 saoránach Éireannach atá fós gafa in Gaza, agus iarrachtaí ar ghiall ocht mbliana d’aois Emily Hand a bhaint amach, dá ndéanfaí an tAmbasadóir a dhíbirt.

‘Táimid difriúil ó thaobh ár ndearcadh ar an Ambasadóir agus tá difríocht an-soiléir againn… Ní mór dúinn a thabhairt faoi deara go bhfuil cailín Éireannach-Iosraelach i ngiall ag Hamas faoi láthair. Mar sin caithfimid leanúint ar aghaidh ag caint.

Ursula Von Der Leyen
Ursula Von Der Leyen

‘Tá a fhios againn dá ndíbir muid an tAmbasadóir anseo, go ndíbir siad ár ambasadóir ansin agus ansin go mbeidh sé i bhfad níos deacra ó thaobh na hoibre atá le déanamh againn.’

Agus an tairiscint á chur síos an tseachtain seo caite, dúirt TD na nDaonlathaithe Sóisialta Gary Gannon gur cheart Ambasadóir Iosrael Dana Elrich a dhíbirt ‘mar theip ar an Stát Iosrael stop a chuir leis an díriú isteach d’aon ghnó ar shibhialtaigh, iriseoirí, fhoireann na NA agus oibrithe cúram sláinte’.

D’iarr tairiscint an Uasail Gannon freisin ar an Rialtas abhcóideacht a dhéanamh ar son smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne Iosrael ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear Comhaontú Comhlachais Iosrael-AE (Israel-EU Association Agreement) – a chuimsíonn clásal chun an comhaontú a chur ar fionraí i gcás sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

‘Tá tacaíocht Uachtarán Choimisiún an AE Ursula Von Der Leyen d’Iosrael, in ainneoin an dul in aghaidh an dlí idirnáisiúnta, tar éis an bonn a bhaint de fhreagairt an AE ar an ngéarchéim seo,’ deir tairiscint an Uasail Gannon.

‘Sainmhínítear coir chogaidh de réir nádúr an ghnímh – ní céannacht (identity) an té a rinne an cion,’ a deir sé.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar roimhe seo nach raibh sé i gceist aige an tAmbasadóir a dhíbirt, ag rá go mbeadh Éire ‘díchumhachtach’ í féin as tionchar a fháil sa chimhlint idir Iosrael agus Hamas dá ndéanfaí í a dhíbirt.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram