Tá bleachtaire faighte ciontach as ionsaí a dhéanamh ar fhear i mbeár a d’inis don chúirt go raibh sé ag tógáil ‘selfies’ agus nach raibh sé ag tógáil grianghraif den bhleachtaire ná dá chomhghleacaithe sa bheár.
Phléadáil an Garda Robert Hennessy neamhchiontach as ionsaí a dhéanamh ar an oibrí cúram sóisialta (social care worker) Michael Finnegan, 40.
Buaileadh an tUasal Finnegan, 40, as Cromghlinn (Crumlin) i mBaile Átha Cliath arís agus arís eile san aghaidh.
Bhí sé ag sóisialú i Café en Seine ar Shráid Dawson, Baile Átha Cliath, ar 11 Nollaig 2019.
Ionchúisíodh (prosecuted) Hennessy tar éis imscrúdú de chuid Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (Garda Síochána Ombudsman Commission, GSOC) as a dtáinig a thriail neamhghiúiré i gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath (Dublin District Court).
Dhearbhaigh an tUasal Finnegan gur inis Hennessy dó go raibh sé i rannóg faisnéise (Intelligence) na nGardaí sular bhuail sé arís agus arís eile é, rud a d’fhág go raibh sé ag cur fola, i bpian agus le liopaí scoilte.
Gabhadh é ar chóras ceamara slándála an bheáir agus seinneadh an scannán le linn na trialach.
Tá an garda bleachtaireachta in aonad speisialta a dhéanann obair faireachais (surveillance).
Níor thug an t-oifigeach fianaise, ach ina ráiteas don GSOC, mhaígh sé go raibh sé faoi strus agus faoi bhrú, mar go raibh faitíos air go gcuirfeadh an tUasal Finnegan eolas amach fúthu.
Dúirt an t-abhcóide ionchúisimh Diarmuid Collins leis an mBreitheamh John Hughes nach raibh an chuma ar an scéal go raibh faitíos faoi sin ar éinne eile a bhí san CCTV.
Dúirt sé freisin, fiú dá mbeadh an tUasal Finnegan ag tógáil grianghraif de ghrúpa an Gharda Síochána, nach raibh sé sin cúis le haghaidh féinchosaint.
Dúirt sé: ‘Ní féidir leat duine a bhuile ceithre huaire nó cúig huaire sa cheann cibé acu mas oifigeach faisnéise tú nó mura bhfuil.’
Dúirt an Breitheamh Hughes gur chreid sé go raibh an tUasal Finnegan ag úsáid a ghutháin faoi shíor chun pictiúir nó físeáin a ghlacadh den ghrúpa gardaí nach raibh ar dualgas (off-duty).
Dúirt sé freisin go raibh an Garda Hennessy imníoch faoi ghrianghraf a ghlacadh, rud a d’fhéadfadh náire gairmiúil a bheith air nó a shlándáil a bhagairt.
Dúirt sé, áfach, nár tháinig na cúinsí ábhartha chun cinn do chás féinchosanta, agus nach bhféadfadh sé ionsaí a dhéanamh ar dhuine éigin as grianghraif a ghlacadh.
Chiontaigh sé Hennessy agus thug sé faoi deara gur inis an tUasal Finnegan don GSOC nár theastaigh uaidh go gcaillfeadh an bleachtaire a phost.
Cuireadh an phianbhreith ar atráth go dtí 6 Feabhra chun ligean don chosaint pléadáil mhaolaithe (mitigation) a ullmhú.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.