Laura Woods lena cara Dáithí ar an scáileán

Is cairde iad le 20 bliain anuas ach tá Laura agus Dáithí ag cur i láthair le chéile den chéad uair anois

Tá Laura Woods in éineacht lena cara Dáithí Ó Sé ar an scáileán – scór bliain tar éis dóibh a bheith ina cairde.

Bhí sceitimíní ar Laura agus í ag teacht isteach do Shinead Kennedy atá imithe ar shaoire mháithreachais.

Labhair Laura faoi cé chomh sásta is atá sí a bheith ar an seó.

Laura le Dáithí
Laura le Dáithí

‘Fiche bliain agus muid inár gcairde ach níor chuireamar i láthair le chéile riamh… go dtí an lá inniu!’ a phost sí.

‘Ba bhreá liom bheith páirteach le @daithirose ar an tolg @rtetoday tráthnóna… tá seó gnóthach romhainn mar sin is fearr an fón dul i bhfolach anois!’ a dúirt Laura ag magadh, díreach sular thosaigh an seó.

Thug Dáithí moladh ar ais di, ag rá: ‘Táim ag tnúth le @laurawoodstv a bheith in éineacht liom.’

Ní bheidh Laura ar an seó ar feadh ró-fhada. Beidh sí ann go dtí go bhfillfidh Maura Derrane go luath.

Dáithí agus Sinéad
Ar an seó

Bhí áthas ar an lucht féachana na cairde a fheiceáil ar an scáileán don chéad uair le chéile agus ina measc bhí Lucy Kennedy a scríobh: ‘Looking good you two.’

‘Ó aoibhinn, Laura!’ a dúirt Muireann O’Connell agus dúirt Paul Ryder: ‘Go hiontach!’

Tá Sinéad réidh le fáilte a chur roimh an dara leanbh lena fear Conor Kirwan.

‘An “last hurrah”… ar feadh tamaill bhig ar aon nós,’ a d’fhógair sí dá lucht leanta ar Dé Sathairn.

‘Is slí iontach é seo chun rudaí a fhágáil faoi láthair agus athrú iomlán ag teacht an tseachtain ar fad ar RTÉ Today le Dáithí O Sé, is iontach an rud a bheith ag obair leis.’

SineadKen3
Dáithí agus Sinéad

Dúirt Sinéád: ‘Tá mé ag obair sa teilifís le 20 bliain anois, tá an oiread sin taithí agam leis agus bhuail mé leis na daoine is dochreidte.

‘Táim an-bhuíoch as seo ar fad… ach táim ag dul chuig saol eile anois agus ag cuir lenár dteaghlach beag agus níl aon fhocal faoi cé chomh sásta agus buíoch is a táim.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram