Tá moladh nua ag an CLG a thabharfadh contaetha beaga amach ón tSraith Iomána Náisiúnta.
Faoin bplean ní bheadh seans ag imreoirí i gcontaetha le níos lú ná cúig fhoireann iomána do dhaoine fásta imirt sa Sraith Náisiúnta.
Agus tá sé sin ina ábhar imní i measc na bhfoirne atá bainteach leis, de réir tuairiscí. Mar sin féin, deir na daoine atá i bhfabhar an togra gur as aiseolas ó na contaetha féin a ceapadh é, agus deir siad go bhfuil tacaíocht láidir don mholadh sin.
Mhol an Central Competitions Control Committee, CCCC) an CLG, ó 2025 ar aghaidh, gur cheart do chontaetha le dhá, trí nó ceithre fhoireann fásta imirt i gCorn Lory Meagher amháin.
Bheadh tionchar ag an togra – a ndéanfar vótáil air ag an Ard-Chomhairle an mhí seo chugainn – ar chontaetha Longfoirt, an Chabháin, Liatroma, Lú agus Fhear Manach (Longford, Cavan, Leitrim, Louth and Fermanagh).
Dá bhfágfaí ar lár ón tSraith Náisiúnta go bunúsach bheadh a séasúr gearrtha ina dhá leath.
Meastar go dtéann €900,000 isteach in oibríocht bhliantúil na gcúig chontae sin agus cé go bhfuil an t-aistriú seo feicthe mar iarracht airgead a thabhairt chun an cluiche a fhorbairt ag leibhéal faoi aois sna contaetha sin, spreag sé agóidí.
Dúirt bainisteoir an Chabháin, Ollie Bellew, nach spreagfadh an moladh ach imreoirí as contaetha níos lú breathnú ar áit eile chun iománaíocht a imirt.
Dúirt sé: ‘Tá mé trína chéile le seo agus is dócha go bhfuil mé beagáinín náire faoi an neamhaird ar na n-imreoirí. Níl imreoir amháin ar ár scuad a chuirfidh fáilte roimh seo.
‘Agus ní faoin iománaíocht amháin atá sé seo.
‘Tá go leor contaetha ina mbíonn ar imreoirí dul go Baile Átha Cliath agus níos faide i gcéin le haghaidh oibre, ach fós tagann siad abhaile dhá oíche sa tseachtain agus arís ag an deireadh seachtaine chun traenáil agus imirt lena gcontae.
‘Tarraingíonn sé ar ais iad.
‘Seo é ár gcluiche náisiúnta agus tá siad chun é a dhéanamh níos fusa dul ag lorg oibre i Sasana agus go leor iomána a imirt thall ansin ná mar a bheadh chun ionadaíocht a dhéanamh do do chontae féin.’
D’fháiltigh bainisteoir an Longfoirt Adrian Moran roimh an admháil faoi na fadhbanna atá roimh an iománaíocht ag leibhéal an phobail i gcontaetha níos lú ach dúirt sé nár chreid sé gurbh é an moladh seo freagra na faidhbe.
Dúirt sé: ‘Is é mo thuairim iomlán go bhfuil áthas orm gur tháinig an plépháipéar seo amach mar anois ar a laghad tá siad á admháil go bhfuil fadhb ag leibhéal an phobail sna contaetha seo.
‘Is é mo thuairim go bhfuil imreoirí na gcontaetha seo chomh i dteideal imirt sa tSraith Náisiúnta is atá imreoirí ó Luimneach nó aon duine eile.
‘An é seo an freagra mar sin? Ní dóigh liom go bhfuil, b’fhéidir go deir daoine eile gurb é, ach tá sé ag cur díospóireacht níos leithne ar bun ar fhorbairt na hiomána sna contaetha seo.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.