Tá an t-iar-bhilliúnaire Seán Quinn ag iarraidh fiosrúchán a dhéanamh ar shraith de ‘chalaoisí (frauds)’ atá ina choinne ag eagraíochtaí stáit éagsúla, a deir sé.
I litir a seoladh chuig Teachtaí Dála agus seanadóirí , rinne an tUasal Quinn sraith líomhaintí i gcoinne polaiteoirí ardphróifíle, gnólachtaí dlí, státseirbhísigh agus breithiúna.
Scríobh an fear, atá 75 bliain d’aois, leabhar le déanaí ina ndearna sé cur síos ar an taithí atá aige ar an Impireacht Quinn a thógáil agus a dhul i léig.
Le linn poiblíochta don leabhar níos luaithe i mbliana dúirt sé go bhféadfadh sé anois stop a bheith ag caint faoi mar go bhfuil a scéal amuigh ansin.
Mar sin féin, tá an tUasal Quinn tar éis scríobh anois chuig Coiste Dlí agus Cirt an Oireachtais ag iarraidh go ndéanfaí imscrúdú ar a chás.
Dúirt an tUasal Quinn nach dteastaíonn aon chúiteamh airgeadais uaidh as an scéal.
Ina litir, rinne an tUasal Quinn agóid nach raibh aon fhorais ‘dlí ná airgeadais’ ann chun seilbh a ghlacadh ar an Quinn Group sna blianta tar éis an chliseadh airgeadais.
Tá an Quinn Group, ar a dtugtar Mannok anois, á reáchtáil faoi láthair ag roinnt de na hiarchúntóirí is gaire don Uasal Quinn, rud a d’eascair teannas níos airde i réigiún na teorann.
Tá lucht tacaíochta an Uasail Quinn i gcoinne iad siúd atá ag obair don chuideachta, a bhfuil go leor acu ina gcónaí sa réigiún freisin.
Ina litir, dúirt sé gur ‘pure evil’ a bhí sna hiarrachtaí é a ‘cheangal’ le fuadach (kidnapping) Kevin Lunney, príomhoifigeach oibriúcháin Quinn Industrial Holdings.
Fuadaíodh agus céasadh (torture) an tUasal Lunney ar a bhealach abhaile ón obair i Meán Fómhair 2019.
Thug na fuadaitheoirí treoir dó éirí as Quinn Industrial Holdings agus d’inis siad dó go raibh ‘an gnó scriosta’ aige.
Ansin ghearr siad a aghaidh, bhris siad a chos agus chuir siad na litreacha ‘QIH’ ina bhrollach.
Tá sé ráite ag an Uasal Quinn gur chuir a dheartháireacha, a dheirfiúracha agus fiú cuid dá chlann ceist air an raibh baint aige leis an bhfuadach.
Bhí Seán Quinn ar an duine is saibhre in Éirinn ag am amháin, sular fógraíodh ina fhéimheach é in 2012.
Mar bhunaitheoir an Quinn Group , b’ionann glanfhiúchas (net worth) an Uasail Quinn in 2008 agus níos mó ná €3 billiún. Chaill an fear gnó an chuid is mó den fhortún sin tar éis dó infheistíocht mhór a dhéanamh i Anglo Irish Bank.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.