Tá sé ráite ag Ryanair go bhfuil na táillí eitilte (airfares) ag méadú agus go leanfaidh siad ag méadú – in ainneoin ardú 59% ar thuilleamh (earnings) na haerlíne sa chéad leath den bhliain seo.
Rinne an aerlíne na brabúis tar éis an tsamhraidh is gnóthaí riamh agus praghsanna níos airde ar thicéid a d’íoc as costais bhreosla níos airde.
Dúirt Ryanair gur tháinig ardú 24% ar an meán ar tháillí eitilte go dtí thart ar €58 sa chéad leath den bhliain.
Líomhain siad go gciallódh srianta aeir ar fud na hEorpa agus de bharr deacrachtaí deisithe inneall do roinnt aerlínte eile go bhfanfaidh meántáillí ard an geimhreadh seo.
Dúirt siad go bhfuil súil acu go dtiocfaidh méadú 15% ar na táillí eitilte ar an meán don chuid eile den bhliain.
Chuidigh praghsanna ardaithe, mar aon le méadú ar an éileamh ar thaisteal aeir thar na Cásca agus an samhradh i mbliana, le híoc as ardú 29% ar chostais bhreosla, chun cuidiú leis an aerlíne 59% a fháil i mbrabús tar éis cánach.
B’ionann brabúis na haerlíne agus €2.18billiún do na sé mhí go dtí an 30 Meán Fómhair. Agus tá siad ag súil go n-ardóidh tuilleamh bliana iomlán suas le 30% suas ó €1.43billiún in 2022-23.
Bhí ardú 11% ar a méid paisinéirí a d’eitil said, ag 105.4 milliún sa chéad leath den bhliain.
Ach bhí cur isteach ó thinte ar fud na hEorpa, stailceanna rialaithe aerthráchta, agus teip ar córais (systems failures) ar fud na Breataine le linn lá saoire bainc Lúnasa, a chiallaigh nach bhféadfaí aerfoirt a úsáid ar cheann de na deireadh seachtaine is gnóthaí.
Dúirt ceannasaí Ryanair, Michael O’Leary, nach mbeadh na brabúis don bhliain iomlán chomh hard agus a bhíothas ag súil leis mar gheall ar ardú ar chostais bhreosla, ‘a chiallaíonn nach dócha go ndéanfaidh muid an “bumper performance” arís, a rinne muid san tríú chuid de bhliain anuraidh’.
Dúirt an grúpa, áfach, go bhfuil ag éirí go maith lena áirithintí (bookings) i séasúr na Nollag.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.