Tá ómós á moladh ag lucht CLG agus daoine áitiúla do athair triúr a fuair bás ar an mbealach abhaile óna chóisir breithlá 40 bliain.
Bhí sé i dtimpiste ceithre fheithicil i gCo. Ard Mhacha maidin Dé Sathairn.
Chaill Patrick Grimley, a bhí ag freastal ar ócáid lá breithe ina onóir, a shaol go tragóideach ar 4 Samhain san eachtra a tharla ar Bhóthar Gosford, in aice le Cnoc an Mhargaidh (Markethill) i gCo. Ard Mhacha.
Bhí sé ina rúnaí ar a chlub áitiúil an CLG, Ropairí na Madain (Madden Raparees).
Tógadh naonúr chuig an ospidéal i ndiaidh an imbhualadh (collision), lena n-áirítear bean chéile an Uasail Grimley, Ciera, atá fós san ospidéal ag an am seo.
ÓMÓS AR FACEBOOK ANSEO
Scríobh deirfiúr Ms Grimley ar Facebook: ‘Le bhur dtoil an féidir linn go léir mo dheirfiúr Ciera Grimley a choinneáil in ár gcuid smaointe agus paidreacha anocht… tá sí fós go dona tinn san ICU agus guímid go n-éireoidh sí tríd agus go leanann sí ag troid. Bóthar fada romhainn.’
Mhol cathaoirleach Ropairí na Madain (Madden Raparees), Paddy Woods, an tUasal Grimley mar duine ‘tiomanta’ don chlub.
‘Is le croí trom a chuirimid in iúl díobh bás tragóideach agus tobann Rúnaí an Chlub CLG, Patrick Grimley,’ a dúirt sé.
‘Fear teaghlaigh iontach ab ea Patrick, agus in éineacht lena bhean chéile Ciera, bhí sé le feiceáil i gcónaí ag tacú lena leanaí ag a gcuid caitheamh aimsire agus gníomhaíochtaí éagsúla.
‘Bhí tuiscint again ar a ghrá dár gclub freisin agus beidh gach éinne a raibh aithne acu air go mór amú, ní hamháin i Madain (Madden) ach níos faide i gcéin freisin.
‘Bhí Patrick ina fhórsa tiomána mór dár gclub le cuig bliana anuas mar Rúnaí – agus go háirithe i mbliana lenár gcrannchur (draw).
‘Ní raibh aon teorainn lena thiomantas chun ár gclub a dhéanamh chomh maith agus a d’fhéadfaimis a bheith, ar an bpáirc agus lasmuigh de.
‘Déanaimid ár nguí agus tacaíocht a thabhairt dá bhean chéile, Ciera, leanaí Tadgh, Mya agus Cadhla, tuismitheoirí Brian agus Frances, deartháireacha Liam, Ryan, Kieran agus Niall, deirfiúr Megan agus an teaghlach níos leithne,’ a dúirt sé.
Dúirt an tUasal Woods freisin: ‘Tá ár smaointe chomh maith leo siúd go léir a gortaíodh sa timpiste.’
Dúirt Paul McArdle, cathaoirleach CLG Ard Mhacha: ‘Tá an pobal CLG i gcoitinne faoi bhrón i ndiaidh bhás tragóideach agus tobann Paddy.
‘Is céal uafásach é seo d’aon teaghlach agus déanaim comhbhrón ó chroí le teaghlach Grimley agus le muintir Madain, a bhfuil aithne agam orthu go bhfuil an tragóid seo go hiomlán ar a dtoil acu.
‘Ba Ghael fíor é Paddy a d’oibrigh go dian dícheallach mar rúnaí club Madain agus mar thráchtaire mór le rá ar Armagh TV.
‘Leanfaimid orainn ag coinneáil an teaghlaigh agus iad siúd a gortaíodh inár bpaidreacha le linn an ama dheacair seo.’
Beidh aifreann sochraide an Uasail Grimley ar siúl i Séipéal Naomh Seosamh i Madain ag 11am maidin Dé Céadaoin, agus adhlacadh (buriel) le leanúint sa reilig in aice leis.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.