Tá sé ráite ag Angela Scanlon go bhfuil grá ag a fear céile dá corp nua ar Strictly Come Dancing, sula ndearna sí an samba ar an seó ar oíche Dé Sathairn.
Dúirt an láithreoir as Co na Mí go bhfuil taobh eile di feicthe ag a fear céile, an fiontraí Roy Horgan, rud a deir sí a bhí ‘faoi cheilt le 40 bliain’.
Dúirt Angela, a scóráil 27 dá rince gnéis, le Ain’t It Funny le Jennifer Lopez: ‘Braithim go bhfuil mé “absolutely ripped” agus tá m’fhear céile sásta leis.
‘Bhí mé ag croitheadh mo chromáin (shaking my hips) go fuinniúil ach, mar a fheiceann tú, tá siad ag fanacht láidir.’
Dúirt Angela, a bhfuil beirt iníonacha aici le Roy, freisin gur bhraith sí níos mó muiníne as a cuid ama ar Strictly – agus go bhfuil sí ag iarraidh a culaith (outfit) samba a thabhairt abhaile.
Dúirt sí: ‘Ba bhreá an rud é a bheith ar ais i spás ina bhfuil mé á bhrú go fisiciúil. Is iontach an rud é don mhuinín.
‘Shílfeá, tar éis páistí, gur duine difriúil tú agus go deimhin tá tú fós mar an gcéanna.
‘Sílim gur cuid ollmhór de tharraingteacht an tseó ná a fhisiciúlacht a bhain leis. Tá mé ag cuir brú orm féin níos mó,’ a dúirt Angela.
‘Tá sé scanrúil ach is fiúntach é a bheith caite amach ansin i bhfeisteas nár ghá dom a roghnú gach oíche Shathairn.’
D’admhaigh Angela, 39, a chuireann seó intí BBC Two, Your Home Made Perfect, i láthair freisin, go bhféadfadh sí éirí frustrachas lena páirtí gairmiúil, Carlos Gu.
Dúirt sí: ‘Ní raibh aon “tiff” eadrainn ach má thagann frustrachas orm, lasann mo shrón.’
Idir an dá linn, rinne Bobby Brazier tango hAirgintíne oíche Shathairn, ag scóráil 30 as 40, agus rinne Angela Rippon válsa (waltz) le Fascination le Nat King Cole, ar bronnadh 28 uirthi.
Rinne Annabel Croft rogha rince do lánúin (couple’s choice) le Wings le Birdy, rinne Layton Williams jive le Shake Ur Body le Shy FX & T-Power, agus rinne Krishnan Guru-Murthy rogha na lánúine le You Can Call Me Al le Paul Simon.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.