Tá sé ráite ag fear as Maigh Eo atá gafa in Gaza go bhfuil sé ag fanacht go neirbhíseach le teacht amach as talamh na Palaistíne atá faoi ionsaí ó Iosrael.
Bhí Saeed Adli Sadeq, atá 21 bliain d’aois, ag déanamh staidéir ar ríomheolaíocht (computer science) i gCathair Gaza.
Is mac é don scríbhneoir agus iar-taidhleoir (former diplomat) Palaistíneach Adli Sadeq.
Tá Saeed Adli Sadeq ag fanacht le deimhniú faoi láthair go bhféadfaidh sé imeacht as an áit, sula dtéann sé ar thrasnú ag Rafah go dtí an Éigipt.
Ag moladh Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, Micheál Martin, agus ambasáidí na hÉireann, in Tel Aviv agus Cairo, dúirt an mac léinn go mbíonn cumarsáid leanúnach ann leo.
Dúirt sé freisin, áfach, nach bhfuil ‘dearbhú oifigiúil (official confirmation)’ acu faoi shaoránaigh Éireannacha atá ag iarraidh imeacht ó Gaza.
Ag labhairt dó le Morning Ireland ar RTÉ maidin Dé hAoine, luaigh sé a thuairimí go bhfuil cinntí maidir le cé a bhainfidh amach ar dtús le socrú de réir an chaidrimh pholaitiúil atá ag tír le hIosrael agus leis an Éigipt.
Creideann sé go ndéanfar freastal ar dhaoine ó na tíortha móra ar nós Meiriceá, an Bheilg, an Ghearmáin agus an Fhrainc ar dtús.
Mar gheall ar ghanntanas breosla, dúirt an tUasal Sadeq gur dócha go mbeidh air taisteal le capall chun an teorainn a bhaint amach.
‘Níl bealach iompair ar bith eile ann,’ a dúirt sé, ‘Níl aon bhreosla ann. Tá an breosla ar fad ag dul go dtí na hospidéil, agus is é sin an tosaíocht (priority).’
Nuair a bhainfidh sé an Éigipt amach, dúirt sé go mbuailfeadh oifigigh Éireannacha leis.
Nuair a fhilleann sé ar Éirinn, dúirt sé le RTÉ go bhfaigheadh sé an bus go Béal Átha na Muice (Swinford, áit a bhfuil cónaí air.
‘Beidh mé ag taisteal ar ais go hÉirinn chun mo theaghlach a fheiceáil, chun mo chairde a fheiceáil, chun mo chomharsana a fheiceáil agus ar ndóigh, chun sos a ghlacadh agus b’fhéidir dul chuig teiripeoir (therapist),’ a dúirt sé.
‘Tá teiripeoir ag teastáil uaim le bheith macánta ón méid atá feicthe agam anseo in Gaza.’
Ag plé leis an gcogadh atá ar siúl in Gaza, dúirt Sadeq go bhfuair duine dá theaghlach bás agus dúirt sé ‘gur chaill gach éinne anseo in Gaza rud éigin.’
Mhínigh sé: ‘Tá buamaí i ngach áit. Ionsaithe aeir. Tharla ionsaí aeir cúig chéad méadar ó mo theach.’
Dúradh i ráiteas ón Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil siad ‘ag obair lena chinntiú go mbeidh gach saoránach Éireannach in ann Gaza a fhágáil chomh luath agus is féidir’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.