Thaispeáin Daithí Ó Sé a chuid scileanna ag cur agallamh ar dhaoine lena chlár ar TG4 agus ag léiriú Rós Thrá Lí – agus anois deir sé go mothaíonn sé blianta níos óige tar éis athchóiriú gruaige (hair restoration).
Bhí Daithí, atá freisin, ar ndóigh, mar láithreoir an chláir Today ar RTÉ, ag taispeáint a chuma nua an tseachtain seo agus dúirt sé gurbh é dul isteach le haghaidh athchóiriú gruaige an cinneadh ab fhearr a rinne sé riamh.
Dúirt sé: ‘Naoi mí i ndiaidh mothaím mar leagan níos óige díom féin.
‘Le cúpla bliain anuas bhí mo chuid gruaige imithe i léig agus bhí sé ag éirí thar a bheith suntasach.
‘Tá mé fiú ag siúl thart le “quiff” anois agus deirtear liom go tiocfaidh feabhas air sna míonna atá le teacht,’ arsa Daithí.
‘Rinne mé go leor rudaí maithe i mo shaol ach is é seo an cinneadh is fearr a rinne mé riamh.’
Fuair an réalta teilifíse an athchóiriú gruaige leis an Cosmetic and Hair Restoration Clinic (CHRC) in Ospidéal Bon Secours, Trá Lí, i gCo. Chiarraí.
Chuaigh Daithí isteach don chóir leighis díreach roimh an Nollaig anuraidh.
‘Thug mé faoi deara go raibh mo chuid gruaige ag cúlú níos tapúla ná mar a bhí súil agam agus bhí mo chuid gruaige ag éirí tanaí go maith,’ a dúirt sé.
‘Chuir sé seo isteach orm agus is dóigh liom go gcuireann sé isteach ar go leor fear de mo aois agus fiú níos óige. Thuig mé nach n-imeodh an fhadhb leis féin. Tá an saol ró-ghearr agus bhí sé in am agam rud éigin a dhéanamh faoi.’
Dúirt Daithí, atá anois ina ambasadóir branda don CHRC: ‘Is éard atá i gceist le mo phost ná muinín a bheith agat asat féin, rud a raibh tionchar díreach air mar mo chuid gruaige, ach nach bhfuil a thuilleadh.
‘Nuair a fhéachaim siar ar phictiúir ón mbliain seo caite is féidir liom an difríocht a fheiceáil i ndáiríre. ‘
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.