Tá sé tugtha le fios ag Dáithí Ó Sé go bhfuil cóireáil (treatment) faighte aige le haghaidh ailse craicinn (skin cancer) níos luaithe i mbliana.
Dúirt an craoltóir – atá i mbun Rós Thrá Lí le Kathryn Thomas ar RTÉ a hAon oíche Dé Luain agus Dé Máirt – gur ‘turraing ollmhór’ a bhí ann nuair a tháinig siad ar a dhiagnóis.
Tá rabhadh tugtha aige anois don phobal a bheith ‘níos airdeall’ faoi chomharthaí na hailse.
Bhí spota ar a mhalaí (eyebrows) i bhfad níos sinírí (sinister) ná mar a cheap sé ar dtús.
Dúirt sé leis an Sunday Times gur shíl sé, ar dtús, go raibh píosa gruaig air nach raibh sé in ann baint as.
‘Ní raibh an spota seo ag imeacht,’ a dúirt Dáithí.
Mhínigh Dáithí go gclúdódh sé é le smidiú le haghaidh oibre agus tar éis an scannánaíochta go n-éireodh sé níos measa nuair a bhain sé an smidiú agus go dtitfeadh codanna den spota as.
Dúirt an láithreoir, 47, gur cheap sé go gcaithfeadh sé é a ghearradh amach.
Diagnóisíodh ‘basal cell carcinoma’, atá ar cheann de na cineálacha ailse craicinn is coitianta.
Dúirt Dáithí: ‘Chuir sé eagla an tsaoil orm… Go deimhin, bhí sé ann le fada, ach d’fhás sé le bliain nó dhó anuas.’
Sheiceáil a dhochtúir a chuid faireoga (glands) lena chinntiú nach raibh an ailse tar éis scaipeadh agus bhí áthas air nuair a dúradh leis nach raibh.
Cé gur tugadh le fios do Dháithí go raibh an chontúirt thart, dúradh leis go gcaithfidh sé grianscéithe (sunscreen) fachtóir 50 a chaitheamh ar feadh ‘an chuid eile dá shaol’, is cuma cén aimsir nó séasúr.
Caithfidh sé é a chur ar dhroim a lámha agus fiú a chluasa as seo amach.
‘Chuir sé go mór liom mo shláinte agus mo shaol a thuiscint níos mó,’ a dúirt sé.
Tagann sé seo agus Dáithí ag ullmhú chun óstáil a dhéanamh ar Rós Thrá Lí na bliana seo.
Mairfidh an comórtas go dtí Dé Máirt agus beidh Kathryn Thomas in éineacht leis ar stáitse mar óstaigh ag Acadamh Spóirt Chiarraí.
Beidh Rós Thrá Lí ar RTÉ a hAon agus ar an Seinnteoir RTÉ Dé Luain agus Dé Máirt ó 8pm
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.