Tá Microsoft ag bunú ranganna in AI do gach duine fásta sa tír. Sheol an chuideachta teicneolaíochta clár oiliúna (training) náisiúnta nua i scileanna intleacht shaorga (Artificial Intelligence).
Ar cheann de na cúrsaí atá ar fáil tá clár sé seachtaine saor in aisce ‘Introduction to AI’, a bheidh ar fáil trí sheisiúin fhíorúla beo (virtual sessions).
Tá sé ar fáil do dhuine ar bith os cionn 18 mbliana d’aois agus tá sé deartha chun cabhrú leo siúd nach bhfuil aon tuiscint acu ar AI.
Is é an dara cúrsa ná ‘Scileanna do Phoist’ atá deartha chun cabhrú le céimithe (graduates) agus oibrithe a scileanna digiteacha agus AI le haghaidh oibre a fheabhsú.
Cuirfear an clár seo ar fáil i gcomhpháirtíocht le ‘Fastrack into Information Technology’.
Is éard atá i gceist leis an tríú cúrsa ná leathnú ar chlár scileanna digiteacha Dream Space de chuid Microsoft, a chuimseoidh seisiúin ar bhunghnéithe AI (the fundamentals of AI).
Chuir an tAire Stáit um Rialáil Cuideachta Dhigiteach Dara Calleary fáilte roimh an bhfógra.
‘Aithníonn an Rialtas seo a thábhachtaí atá sé don Rialtas, don tionscal agus don earnáil oideachais oibriú go dlúth le chéile chun rochtain ar scileanna digiteacha agus AI a mhéadú go tapa,’ a dúirt an tUasal Calleary.
Dúirt James O’Connor, Ceannaire Suímh Microsoft Ireland agus Leas-Uachtarán ‘Microsoft Global Operations Service’: ‘Tríd ár gcláir foghlama AI nua, táimid ag cuir ar fail do dhaoine de gach aois, cúlra agus taithí, na scileanna anailíseacha, smaointeoireacht chruthaitheacha agus teicniúla atá riachtanach chun páirt iomlán a ghlacadh i ngeilleagar atá cumasaithe ag AI.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.