Tá Aonad Frith-Éillithe an Gharda Síochána (Garda Anti-Corruption Unit) ag fiosrú scaipeadh teachtaireachtaí inmheánacha (internal) WhatsApp i measc gardaí, de réir tuairisce ar Nuacht RTÉ.
Líomhnaítear go raibh cuir síos agus faisnéis bréagacha faoi bheirt oifigeach baineann sna teachtaireachtaí.
Dúirt an Leas-Choimisinéir Anne Marie McMahon leis an Údarás Póilíneachta (Policing Authority) tráthnóna Déardaoin gur scaipeadh teachtaireachtaí ‘bréagacha, neamh-mhothálach (insensitive) agus míchruinn’.
Dúirt sí go raibh na teachtaireachtaí ‘an-maslach agus an- urchóideach (hurtful)’.
Dúirt an Leas-Choimisinéir McMahon go raibh sé ‘go hiomlán do-ghlactha’ go gceapfadh ball ar bith de na gardaí go raibh sé ‘ceart go leor’ é sin a dhéanamh maidir le comhghleacaí (colleagues).
Dúirt sí go raibh íospartaigh i ‘gcás gan chúnamh agus gan dóchas (helpless and hopeless situation)’.
Dúirt an Leas-Choimisinéir nach bhfuil a fhios ag na gardaí cé mhéad duine atá i gceist, ach go bhfuil tús curtha le himscrúdú féachaint cé as ar tháinig siad agus cé a scaipeadh na teachtaireachtaí seo.
Dúirt cathaoirleach an Údaráis Póilíneachta Bob Collins gur cosúil go bhfuil rud éigin mícheart más féidir gléas atá maoinithe go poiblí chun úsáid le haghaidh dualgas póilíneachta, ag úsáid chun teachtaireachtaí den chineál seo a scapaidh.
Dúirt Collins freisin go bhfuil imní air gur cosúil go raibh baint ag baill ar scor de na gardaí leis seo freisin.
Ghlac an Leas-Choimisinéir Shawna Coxon leis freisin nár léiriú cruinn ar mhéid na faidhbe é nach raibh ach ochtar garda ban tar éis gearáin a dhéanamh faoi ghníomhaíochtaí a gcomhghleacaithe ina leith.
Dúirt sí, áfach, go bhfuil polasaithe agus nósanna imeachta i bhfeidhm le go bhféadfadh daoine teacht chun tosaigh agus go léiríonn an fhíric go bhfuil níos mó gardaí á gcur ar fionraí agus á n-ionchúiseamh sna cúirteanna go bhfuiltear ag glacadh go dáiríre leis an gceist agus go dtugtar aghaidh uirthi.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.