‘Terror alert’: Táimid réidh a deir saighdiúirí Éireannacha

Tá saighdiúirí síochánaíochta na hÉireann ag dul go dtí limistéar an chogaidh ach deir siad go bhfuil siad oilte agus ullmhaithe

D’fhógair na Stáit Aontaithe foláireamh sceimhle (terror alert) ar fud an domhain mar gheall ar an cogadh Iosrael-Hamas agus beidh saighdiúirí Éireannacha i lár an chogaidh.

Tugadh rabhadh do shaoránaigh Mheiriceá go bhféadfadh ionsaithe agus foréigean a bheith ann ina gcoinne.

Agus d’impigh an Riocht Aontaithe ar Bhreatnaigh an Liobáin a fhágáil ‘má tá siad in ann’.

Ag an am céanna tá saighdiúirí Éireannacha ar tí a bheith ag dul ar mhisean síochánaíochta i ndeisceart an Liobáin. Agus labhair siad faoi sin.

Oifigeach ceannais an 123ú cathlán, an Leifteanantchoirnéal Stiofán Mac Eoin Pic: Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Oifigeach ceannais an 123ú cathlán, an Leifteanantchoirnéal Stiofán Mac Eoin Pic: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá Iosrael ag tabhairt aghaidh ar cogadh ar an dara teorainn anois, le Hezbollah atá lonnaithe sa Liobáin;  comhghuaillithe, le tacaíocht Iaráin, de lucht leanúna Hamas.

Scaoil fórsaí slándála na Liobáine ‘water cannon’ agus ‘tear gas’ ag lucht agóide a bhí in aice le hAmbasáid SAM i mBéiriút.

Mar sin féin, tá sé ráite ag saighdiúirí Éireannacha nach bhfuil eagla orthu agus iad ag ullmhú le taisteal chuig an réigiún.

Saighdiúirí Éireannacha réidh le haghaidh ardú foréigean i ndiaidh bhuamáil ospidéal Gaza

Sa 123ú cathlán (battalion ) beidh 334 pearsanra Éireannach agus naonúr as Málta mar chuid de Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin ( United Nation Interim Force in Lebanon , UNIFIL) an mhí seo chugainn.

I nGleann Uí Mháille i gCo. Chill Mhantáin (Glen of Imaal in Co. Wicklow) ar Déardaoin, rinne saighdiúirí Óglaigh na hÉireann cleachtadh traenála míleata agus iad ag tástáil ar dhiúracáin ‘heat-seeking Javelin’.

Lebanon Irish Troops 2 brothers
Beidh sé seo ar an gcéad mhisean ag beirt deartháireacha ó Chill Chainnigh atá ina saighdiúirí, Tiarnan agus Caolan O’Reilly, atá 24 agus 22 bliain d’aois. Pic: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Dúirt oifigeach ceannais an 123ú cathlán, an Leifteanantchoirnéal ( Lieutenant Colonel) Stephen Mac Eoin, go ndearna a chomhghleacaithe sa Liobáin cur síos ar na coinníollacha reatha agus dúirt siad go bhfuil sé lán le teannas, ach dúirt sé go raibh na saighdiúirí ‘réidh le dul agus a gcuid oibre a dhéanamh’.

Dúirt sé: ‘Tá scaoileadh gunnaí, thuaidh agus theas trasna na líne gorm, ach tá na saighdiúirí ag freagairt go maith dó.

‘Bhí ​​​​siad tríd an oiliúint agus an próiseas céanna go díreach atáimid ag dul tríd inniu.’

Tá teaghlach Éireannach le triúr leanaí óga sáinnithe i nGaza

Beidh sé seo ar an gcéad mhisean do na deartháireacha Chill Chainnigh Tiarnan agus Caolan O’Reilly, atá 24 agus 22 bliain d’aois.

Nuair a fiafraíodh díobh conas a bhí siad ag mothú, dúirt an bheirt acu go bhfuil siad ag tnúth leis agus nach raibh eagla orthu.

Dúirt Tiarnan go bhfuil sé ag teach ar beagán eolas faoin réigiún, agus dúirt a dheartháir Caolan go bhfuil siad ‘traenáilte go maith’ dá misean.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram