Tá saighdiúirí síochánaíochta na hÉireann sa Liobáin ar an airdeall, agus imní ann go n-éireoidh an cogadh idir Iosrael agus Hamas in olcas tar éis buamáil ospidéal i nGaza, a mharaigh na céadta duine neamhchiontach.
Tá iomlán de 344 saighdiúirí Éireannach ón 122ú Cathlán Coisithe (Infantry Battalion) ar an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin, agus iad idir fórsaí freasúra.
Cuireadh iallach orthu faoi dhó foscadh (shelter) a ghlacadh in ionsaithe diúracán (missile attacks).
Ní dhearnadh aon tuairiscí ar ghortuithe ar bith do phearsanra na hÉireann atá ag fónamh (serving) le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin, (United Nations Interim Force in Lebanon, Unifil) cé gur imscaradh ochtar ball chuig bunáit Unifil a bhí buailte ag roicéad le cúpla lá anuas. Níor gortaíodh aon duine san ionsaí.
Tá imní curtha in iúl go ndéanfaidh Hezbollah ionsaithe trasteorann ar Iosrael ó thaobh na Liobáine tar éis an ionsaí aeir ar ospidéal Gaza, rud atá cáinte ag go leor ceannairí domhanda.
Tá 133 trúpa Éireannach eile lonnaithe ar mhisean síochánaíochta sna Golan Heights idir an tSiria agus Iosrael.
Tuairiscíodh go raibh an scéal níos ciúine go dtí seo.
Mar sin féin, dhiúltaigh urlabhraí ó Óglaigh na hÉireann a rá an mbeadh fadhbanna le ‘swap-over’ trúpaí atá beartaithe, atá le tarlú an mhí seo chugainn do mhisean na Liobáine.
Tá Óglaigh na hÉireann ag ullmhú faoi láthair chun 343 pearsanra a sheoladh ón 123ú Cathlán Coisithe chun teacht in ionad iad siúd atá ar seirbhís sa Liobáin Theas faoi láthair.
Tá na trúpaí seo ag tabhairt cleachtaí ullmhachta misin chun críche faoi láthair.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.