Tá iarrtha ag teaghlach Éireannach, atá sáinnithe (trapped) i nGaza, ar an Rialtas iad a thabhairt chun sábháilteachta i measc bhuamálacha Iosrael, dar leis an Irish Independent.
Thaistil Ibrahim AlAagha, atá 38 bliain d’aois, agus a bhean Hamida lena dtriúr leanaí óga chun cuairt a thabhairt ar a muintir in Gaza i mí an Mheithimh le haghaidh saoire sínte.
Tá a dtriúr leanaí, a rugadh go léir in Éirinn, ocht, trí agus ceithre bliana d’aois.
‘Tá an-eagla orainn agus anois ní hamháin go bhfuiltear ag buamáil.
Tá ár soláthar bia agus uisce ag dul i méid an-íseal; níl aon idirlíon againn ach an oiread agus mar sin tá sé ag éirí níos deacra fanacht i dteagmháil le daoine.
‘D’fhás mé féin agus mo bhean chéile aníos in Gaza, mar sin tá taithí éigin againn ar ionsaithe. Ach rugadh agus tógadh mo pháistí in Éirinn.
‘Mo mhac atá ocht mbliana d’aois, tá faitíos ar leith air, mar tá sé in ann féachaint ar an nuacht agus tuiscint a fháil ar cad atá ag tarlú.
‘An bheirt is óige, bíonn faitíos orthu nuair a chloiseann siad na pléascanna. Níl uainn go léir ach dul ar ais go hÉirinn go sábháilte,’ a dúirt sé leis an Irish Independent.
Saoránaigh Éireannacha iad an lánúin agus tá cónaí orthu i mBaile Bhlainséir i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil a dteach féin acu. Oibríonn Ibrahim mar innealtóir leictreonach.
Bhí an t-athair de thriúr i dteagmháil go minic le hAmbasáid na hÉireann in Iosrael, atá ag iarraidh cuidiú le teaghlach AlAgha teacht slán as Gaza.
Rinne an teaghlach an turas ‘an-chontúirteach’ go teorainn Gaza leis an Éigipt Dé Sathairn agus iad le bheith aslonnaithe le cabhair ó ambasáid na hÉireann – ach níor tháinig an plean chun críche.
‘Bhí orainn a bheith ag an teorainn ag 12 meán lae. Mar shaoránaigh eachtracha, bhíomar ceaptha a bheith aslonnaithe. Ach nuair a shroicheamar an áit sin, fuaireamar glaoch ó ambasáid na hÉireann, á rá, ar an drochuair, nach bhféadfaí dul ar aghaidh mar a bhí beartaithe.
‘Tá an-díomá orainn. Tá Ambasáid na hÉireann ag déanamh a ndícheall. Ach ar an drochuair, is beag is féidir leo a dhéanamh.
‘Tá an turas go dtí an teorainn an-neamhshábháilte ach bhraith muid go raibh orainn é a dhéanamh. Táimid sáite anseo le tamall. Is timpeallacht thar a bheith contúirteach é.
‘Tá súil againn go bhfaighidh muid níos mó nuachta go luath ón ambasáid faoi aslonnú pleanáilte eile.’
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil thart ar 40 saoránach Éireannach i nGaza agus go mbeidh an Rialtas ag obair go dlúth lena chomhpháirtithe san AE chun aslonnaithe a eagrú más gá.
Dúirt an tUasal Varadkar gur oibrithe cúnaimh leis na Náisiúin Aontaithe iad cuid acu sin, agus nach raibh na figiúirí aige maidir le cé mhéad saoránach Éireannach atá ag iarraidh a fháil amach as Iosrael faoi láthair.
Ag labhairt dó i bPáras Dé Domhnaigh tar éis an chruinnithe a bhí aige le hUachtarán na Fraince Emmanuel Macron ag Pálás Élysée, dúirt an tUasal Varadkar gur labhair siad faoin ngá atá le conair dhaonnúil (humanitarian corridor).
‘Tá plé ar siúl leis an Éigipt faoi chonair dhaonnúil a oscailt agus tá baint ag na Náisiúin Aontaithe leis sin freisin,’ a dúirt sé.
‘Toisc go bhfuil teorainn ag Gaza leis an Éigipt, bheadh sé sin ar an áit is ciallmhaire chun é sin a bheith ann agus is cinnte go gcabhróimid in aon slí gur féidir linn é sin a thabhairt i gcrích.
‘Mar a bhíonn i gcónaí, beidh muid ag iarraidh ár saoránaigh a chosaint, cabhrú leo dul isteach san Éigipt agus as sin amach.’
Dúirt sé go raibh a dtuairimí ‘ag teacht go mór le tacaíocht a thabhairt do cheart Iosrael é féin a chosaint ach go gcaithfear é sin a dhéanamh de réir an dlí daonnúil idirnáisiúnta’.
Bíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha i dteagmháil le saoránaigh Éireannacha in Gaza agus leis na húdaráis ábhartha go léir.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.