Cuirfear bean as Baile Átha Cliath, a eiseachadadh (extradited) ón Afraic Theas , ar a triail. Tá sí cúisithe i ndúnmharú beirt chairde ‘doscartha (inseparable)’.
Fuarthas a gcorp fillte i plaisteach ar oileán locha (lake island) beagnach deich mbliana ó shin.
Tá Ruth Lawrence, atá 42 bliain d’aois agus arb as Cluain Tarbh (Clontarf) i mBaile Átha Cliath di, cúisithe i ndúnmharú Anthony Keegan, a bhí 33 bliain d’aois, agus Eoin O’Connor, a bhí 32 bliain d’aois.
Fuarthas iad ar Inis Cúp ar Loch Síleann (Inchicup Island on Lough Sheelin), atá ar theorainn na Mí agus an Chabháin, an 26 Bealtaine 2014.
Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil Dé Máirt, shocraigh an Breitheamh David Keane dáta trialach don 7 Deireadh Fómhair, 2024, tar éis éisteacht leis an gcás a táthar ag súil go mairfidh sé trí seachtaine.
Chuir an Breitheamh Keane an t-ábhar ar atráth ansin go dtí an 12 Eanáir 2024, le haghaidh nuashonrú ar chásbhainistiú.
An 25 Bealtaine, tháinig Ms Lawrence os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Troim (Trim) tar éis di a eiseachadadh ó Bloemfontein áit a raibh sí á coinneáil.
Dúirt an Bleachtaire Garda Raymond Flynn leis an gcúirt gur ghabh sé Ms Lawrence ag Aerfort Bhaile Átha Cliath níos luaithe an lá sin.
Tógadh Ms Lawrence go Stáisiún na nGardaí i mBaile Átha Troim áit ar chúisigh an Bleachtaire Flynn í as dhá chúis dúnmharaithe ar dháta anaithnid idir an 22 Aibreán agus an 26 Bealtaine 2014, nuair a cuireadh gardaí ar an eolas gur aimsíodh coirp na bhfear.
Fuarthas na coirp tar éis d’iascaire ar an loch boladh a aithint ag teacht ón oileán beag bídeach.
Chuaigh an tUasal O’Connor agus an tUasal Keegan ar iarraidh tar éis d’Eoin carr a mháthar a fháil ar iasacht chun taisteal go Baile Shéamais Dhuibh (Ballyjamesduff) i gCo. an Chabháin.
Nuair a theip air filleadh abhaile ón turas, chuir a theaghlach glaoch ar na gardaí.
Ag a sochraide i mí an Mheithimh 2014, dúradh go raibh an bheirt fhear ina gcairde ‘doscartha’.
Tá iar-pháirtnéir líomhnaithe Ms Lawrence, ón Afraic Theas, Neville van der Westhuizen, atá 41 bliain d’aois, i mbaol a eiseachadta go hÉirinn mar gheall ar na dúnmharuithe líomhnaithe.
Mar sin féin, tá pianbhreith 15 bliana á chur isteach aige san Afraic Theas faoi láthair mar gheall ar chion ar leith.
An mhí seo caite, dúirt van der Westhuizen lena éisteacht eiseachadta i Durban go raibh faitíos air go gcuirfí chun báis é in Éirinn.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.