Aontaíonn an Rialtas anois go bhfuil cás na hAfraice Theas i gcoinne Iosrael sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (International Court of Justice) ‘bailí (valid)’.
Tá an Afraic Theas ag cúisiú Iosrael as cinedhíothú (genocide), agus tá an dlíodóir Éireannach Blinne Ní Ghrálaigh ag déanamh cás láidir in aghaidh na n-ionsaithe ar Gaza.
Roimhe seo ní raibh an Rialtas cinnte cé chomh láidir agus a bhí an argóint ag an Afraic Theas ach anois tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go n-aontaíonn siad go bhfuil an ceart ag an Afraic Theas.
Dúirt sé go bhfanfaidh an Rialtas go dtí go gcuirfidh an Afraic Theas a phríomh-chás sula gcinnfidh siad cad atá le déanamh ina dhiaidh sin.
Mar sin féin, d’iarr an Afraic Theas ar an gcúirt idirnáisiúnta cinneadh práinneach a dhéanamh gur cheart d’Iosrael stop a chur leis na hionsaithe i nGaza ar chúiseanna daonnúla agus táthar ag súil leis an gcinneadh sin go luath.
Dúirt an tUasal Varadkar go dtacóidh an Rialtas le haon chinneadh a dhéanfaidh an chúirt ar an gceist sin.
Ó ionsaí Hamas ar Iosrael nuair a mharaigh siad 1,200 duine, tá níos mó ná 25,000 duine in Gaza maraithe ag feachtas ionraidh agus buamála Iosrael.
Tá na páirtithe freasúra ag cur brú ar an Rialtas a rá an dtacóidh Éire le cás na hAfraice Theas.
Chuir na Daonlathaithe Sóisialacha rún Dála (Dáil motion) síos le haghaidh díospóireachta Dé Céadaoin ag iarraidh ar an Rialtas tacú le cás na hAfraice Theas.
Dúirt urlabhraí gnóthaí eachtracha an pháirtí, Gary Gannon, sa Dáil gur maraíodh go leor iriseoirí agus oibrithe sláinte ó thosaigh ionsaí na nIosraelach ar Gaza, agus dúirt sé go bhfuil ‘80% de na daoine is ocrais ar domhan faoi láthair in Gaza’ .
Tá aighneachtaí dlíthiúla (legal submissions) déanta cheana féin ag Éirinn chuig an gCúirt Choiriúil (Criminal Court) Idirnáisiúnta faoi fhorghabháil (occupation) codanna den Bhruach Thiar (West Bank), agus leithdháileadh (allocated) €3 mhilliún de mhaoiniú (funding) breise ar an gcúirt chun cur ar a cumas líomhaintí coireanna cogaidh (war crimes claims) a imscrúdú.
Agus tá an Tánaiste Micheál Martin ag lorg smachtbhannaí (sanctons) ón Aontas Eorpach i gcoinne lonnaitheoirí foréigneacha Iosraelacha (violent Israeli settlers).
Deir sé go bhfuil smachtbhannaí curtha i bhfeidhm ar Hamas agus ar ghrúpaí míleatacha eile a d’ionsaigh Iosrael agus go bhfuil sé in am anois go mbeidís siúd atá ag ionsaí na bPalaistíneach ar an mBruach Thiar (West Bank) faoi réir smachtbhannaí freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.