Tá rabhadh Stádas Oráiste faoi thuilte (flooding) agus báisteach throm eisithe ag Met Éireann.
Clúdaíonn sé 4am Dé Luain go dtí 4am Dé Máirt i bPort Láirge, Loch Garman agus Cill Chainnigh (Waterford, Wexford agus Kilkenny), agus Storm Babet ag dul i bhfeidhm ar Éirinn i gcónaí.
Chomh maith leis sin tá Rabhadh Stádas Buí eisithe go dtí 6pm Dé Luain sa Chlár, i gCorcaigh, i gCiarraí, i Luimneach, i dTiobraid Árann agus i nGaillimh (Clare, Cork, Kerry, Limerick, Tipperary agus Galway).
Tá báisteach throm tuartha (forecast) le seans toirneach (thunder), le tuilte áitiúla féideartha agus coinníollacha taistil deacra.
Tugtar rabhadh do thiománaithe a bheith an-chúramach, mar go bhféadfadh coinníollacha aimsire agus bóithre a bheith an-dona.
Dúirt Met Éireann freisin go bhféadfadh ‘titim throma agus tuilte’ dul i bhfeidhm go háirithe ar Phort Láirge.
Táthar ag súil le báisteach substaintiúil freisin i mBaile Átha Cliath agus i gceantair eile ar an gcósta thoir.
Dúirt Met Éireann go mbeidh báisteach throm i gCúige Chonnacht agus i gCúige Mumhan ar maidin Dé Luain, agus go ndéanfaidh sé sin coinníollacha níos measa i gceantair atá tuilte cheana féin le cúpla lá anuas.
I gCorcaigh, mhol Comhairle Contae Chorcaí gur cheart go mbeadh daoine ar an airdeall.
‘Tá leibhéil abhann tite le cúpla lá anuas ach tá siad ard fós. Is í an chomhairle mar sin ná go bhfanfadh daoine ar an airdeall,’ dúirt siad.
Táthar ag súil le sileadh trom áitiúil agus d’fhéadfadh tuilte dul thar na córais draenála, fiú nuair a bhíonn siad glanta go hiomlán.
Dúirt an chomhairle go bhfuil líon teoranta málaí gainimh ar fáil agus gur cheart dóibh siúd atá ag iarraidh iad a fháil dul i dteagmháil ar 021-4800048.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.