Rabhadh Stádas Buí nua tar éis do Storm Babet bailte a scrios

19/10/2023

Scéalta faoi léirscrios, frustrachas agus gaisce le pobail ag glanadh suas i ndiaidh Storm Babet

Tá oibríocht glantacháin ollmhór ar bun ar fud oirthear Chorcaí agus iarthar Phort Láirge tar éis Storm Babet.

Agus tá rabhadh tugtha ag Met Éireann faoi bháisteach níos troime ag teacht.

Scriosadh limistéir ollmhóra ó dheas de bharr tuilte forleathana le Storm Babet.

Díluailíodh (deluged) roinnt bailte agus sráidbhailte sa réigiún tar éis do bháisteach míosa titim in aon lá amháin.

Tá Rabhadh Stádas Buí nua i bhfeidhm do Chorcaigh, Ciarraí agus Luimneach.

Dúirt Met Éireann gur dócha go dtiocfaidh tuilleadh tuilte áitiúla agus coinníollacha contúirteacha taistil tar éis baisteach trom thar oíche.

Tháinig  Óglaigh na hÉireann isteach chun cabhrú leis an gcomhairle áitiúil le haslonnaithe (evacuations) mar gheall ar dhéine na dtuilte, agus breis agus 100 réadmhaoin báite san uisce i Mainistir na Corann (Midleton) amháin.

Chuir ionadaithe áitiúla ceist ó shin i leith cén fáth nár cuireadh rabhadh aimsire níos déine i bhfeidhm.

Dúirt comhairleoir an Lucht Oibre, John Maher: ‘Tá bualach (battering) glactha ag Corcaigh. Dá mba inné a bhí sé agus go raibh a fhios againn anois, sílim go gcuirfí scoileanna ar ceal agus ní bheadh daoine imithe ag obair.’

D’íobair (sacrificed) club iomána as Corcaigh a bpáirc chun comharsanacht áitiúil (a local neighbourhood) a shábháil ó thuilte le linn Storm Babet.

Chuir an stoirm isteach ar club Sarsfields, a bhí díreach tar éis craobh an chontae a bhuachan trí lá roimhe sin.

Agus in ainneoin a gcuid iarrachtaí chun damáiste na stoirme a theorannú don chlubtheach amháin, rinne baill dá bhfoirne cinneadh uasal na geataí a oscailt don pháirc, rud a d’iompódh ina tuilemhá í (turned it into a floodplain) – ach ag sábháil roinnt tithe in aice láimhe a bheadh tuilte ann murach sin.

Storm Babet
Storm Babet

Agus an costas á chomhaireamh, tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar leis an bpobal i Mainistir na Corann go bhfuil na seirbhísí éigeandála ar fáil chun cabhrú leis an nglanachán.

Thairg sé pacáiste airgeadais chun tacú le daoine a ndearnadh damáiste dóibh a dtithe agus a ngnóthaí i dtuilte le linn na stoirme.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram