Muintir Chorcaí ag glanadh suas tar éis damáiste ollmhór ó thuilte

19/10/2023

Scriosadh scoileanna agus clubanna spóirt agus b’éigean leanaí a tharrtháil ó thuilte

Tar éis damáiste ó thuilte (floods) i gCorcaigh, tá lár bailte, tithe, gnólachtaí agus eagraíochtaí pobail ar fud Oirthear Chorcaí i mbun glantachán ollmhór Déardaoin.

Thug Stoirm Babet mí báistí in aon lá amháin, rud a d’fhág an contae scriosta ag tuilte.

Cuireadh an t-arm chun cabhrú Dé Céadaoin, ní raibh daoine in ann bogadh in áiteanna cosúil le Mainistir na Corann agus Gleann Maghair (Midleton and Glanmire), bhí leanaí sáinnithe ar scoil agus busanna curtha ar ceal, agus scriosadh clubthithe agus páirceanna spóirt.

Dúirt an Rialtas go mbeidh maoiniú ar fáil chun cabhrú leo siúd atá buailte ag na tuilte móra i gCorcaigh.

Cork Weather 4 1

Rinneadh dochar mór do pháirc sheaimpíní Iomána Sinsear an Chontae, Sarsfields i nGleann Maghair, agus clubtheach an chontae díreach tar éis dóibh cluiche ceannais an chontae a bhuachan.

‘Is uafásach an rud é leibhéal an damáiste do Mhainistir na Corann agus na ceantair máguaird chomh fada le Gleann Maghair,’ a dúirt James O’Connor, TD Chorcaí Thoir.

I Mainistir na Corann, bhí ar a laghad 100 réadmhaoin faoi uisce ar feadh na príomhshráide, agus bunaíodh ionad le haghaidh aslonnú (evacuations) féideartha tithe. Chuidigh an tArm agus an Chosaint Shibhialta le haslonnú.

Dúirt an comhairleoir áitiúil Danielle Twomey go raibh an tuile ar an mbaile ‘is measa i gcuimhne beo’.

Bhí roinnt eastát agus ospidéal Mainistir na Corann faoi mhéadar uisce agus gearradh rochtain go Mainistir na Corann ó Chluain, a dúirt sí.

Chuir íomhánna de leanaí a bhí á dtarrtháil ag an tseirbhís dóiteáin agus daoine eile ag fánaíocht trí uiscí coime timpeall Chorcaí uafás ar a bpobail, agus tá atógáil ollmhór le déanamh ar bhóithre sa cheantar tar éis dóibh titim amach.

Dheimhnigh réamhscoil Mhainistir na Corann Darling Buds go raibh ar dhaoine fásta leanaí óga a bhaint as ar ‘piggy backs’.

Thug ceann de na húdaráis is mó le rá sa tír ar athrú aeráide, an tOllamh Peter Thorne, Ollscoil Mhá Nuad, foláireamh gur cheart do dhaoine I áiteanna cosúil le Corcaigh agus Port Láirge a bheith ag súil go n-éireodh lena leithéid d’imeachtaí níos minice amach anseo, mar gheall ar athrú aeráide.

Damáiste ó thuilte (floods) i gCorcaigh
Damáiste ó thuilte (floods) i gCorcaigh

‘Tarlóidh sé níos mó agus níos mó ar fud na cruinne, agus ciallaíonn sé sin ar an meán go bhfaighidh Corcaigh nó Baile Átha Cliath nó Gaillimh nó Port Láirge taithí ar na cineálacha rudaí seo níos minice,’ a dúirt sé.

Bhí sainchomhartha eile in Oirthear Chorcaí, The Thatch Bar i gCill Ia, a théann siar sna 1600idí agus a scriosadh roimhe sin ag tine, i measc na n-áitreabh a bhí scriosta ag tuilte Stoirm Babet.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram