Bhí 12 créacht (wounds) ar mhuineál (neck) Ashling Murphy de bharr scian, de réir fianaise sa Phríomh-Chúirt Choiriúil (Central Criminal Court).
Dúirt Paiteolaí Stáit, an Dr SallyAnne Collis, go ndearna ceann de na créachtaí damáiste don dá thaobh de bhosca gutha Iníon Murphy, rud a chiallaíonn nach dócha go raibh sí in ann aon fhuaim a dhéanamh.
Dúirt sí go mb’fhéidir go raibh strangulation i gceist ach go bhfuair Ms Murphy bás de bharr créachta sá (stab wound) a rinne damáiste do feitheacha (veins) móra.
Phléadáil Jozef Puska, 33, neamhchiontach i ndúnmharú Ms Murphy in aice leis an gCanáil Mhór i dTulach Mhór (Tullamore) ar an 12 Eanáir 2022.
Dúirt an Dr Collis gur ar thaobh na láimhe deise dá muineál ba mhó a bhí na créachta agus go mb’fhéidir gur lann fiaclach (serrated blade) ba chúis le cuid acu.
Chaill sí go leor fola freisin agus chiallódh sé sin go mbeadh titim sa bhrú fola (blood pressure) a chuirfeadh ar Ms Murphy dul faoi ghabháil chairdiriospráide (cardiorespiratory arrest), a dúirt an Dr Collis.
Chuala an chúirt níos luaithe ó na chéad ghardaí ar an láthair. Dúirt siad gur chaith siad deich nóiméad ag déanamh comhbhrú cófra ar Ms Murphy.
Dúirt an Garda Tom Dunne le habhcóide an ionchúisimh Anne-Marie Lawlor SC gur thosaigh sé ag déanamh CPR agus comhbhrú cliabhraigh (chest compressions) ar Ms Murphy.
Tar éis dó ráta cuisle (pulse) a sheiceáil dúirt sé má gcloisfeadh sé cuisle go raibh sé ‘an-lag’. Ní raibh ach spás sa chuid de bhruach na canála ina raibh Ms Purphy do gharda amháin ag an am, agus mar sin ghlac sé ar a sheal le comhghleacaí comhbhrú cliabhraigh (chest compressions)a dhéanamh ar feadh thart ar deich nóiméad.
Nuair a tháinig na paraimhíochaineoirí, fuair siad amach nach raibh aon chomharthaí beocht ann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.