Tá an fiontraí (entrepreneur) Éireannach-Mheiriceánach Chuck Feeney, a chuir beagnach €2 billiún ar fáil do chúiseanna Éireannacha, marbh.
Fuair an daonchara (philanthropist) bás go síochánta ina theach cónaithe i San Francisco Dé Luain. Bhí sé 92 bliain d’aois.
Trína eagraíocht Atlantic Philanthropies, thug an tUasal Feeney deontais arbh fhiú níos mó ná $8 billiún iad, ar chúig mhór-roinn (five continents).
Chuir sé suim ar leith in Éirinn agus chaith sé go leor dá fhortún ag forbairt tionscnaimh na sochaí sibhialta agus na síochána anseo.
Thug Bill Gates air mar the ‘ultimate example of giving while living’. Thug $1.3 billiún go thionscadail sa Phoblacht agus $570 milliún do thionscadail sa Tuaisceart sular chuir sé deireadh leis an eagraíocht go foirmiúil in 2020.
Dúirt an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin: ‘Trí Atlantic Philanthropies, d’athraigh fís, flaithiúlacht agus ceannaireacht Chuck saol na ndaoine ar oileán na hÉireann thuaidh agus theas, idir óg agus aosta, trí infheistíocht san oideachas agus sa phobal.’
Bunaíodh Atlantic Philanthropies i 1982 chun cuid mhór de shaibhreas an Uasail Feeney a eisíoc (disburse), agus thug Atlantic Philanthropies 6,500 deontas thar an tréimhse, agus an gealltanas airgeadais deiridh tugtha ag deireadh 2016.
D’fhógair Atlantic Philanthropies a bhás Dé Luain.
‘Bhí Chuck chomh paiseanta faoi dhifríocht dhearfach a dhéanamh i saol daoine eile agus a bhí sé maidir le bheith rathúil i ngnó,’ a dúirt an tUachtarán agus an Príomhfheidhmeannach Christopher G Oechsli.
‘Ba mhó an cúram a bhí aige faoi bheith éifeachtach ag an méid a rinne sé ná ag bailiú rachmais. Maidir leis an daonchairdeas, is éard a bhí i gceist leis sin ná a bheith i láthair agus a bheith gafa leis na daoine agus lena gcuid oibre chun saol daoine eile a fheabhsú.’
Sa Phoblacht, fuair Fondúireacht (Foundation) Ollscoil Luimnigh an cúnamh deontais ab airde ag $181.5 milliún, agus fuair Fondúireacht na Tríonóide $162.1 milliún. Fuair Iontaobhas (Trust) Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath $128.2 milliún, Fondúireacht Ollscoil Chorcaí $91.2 milliún, agus Fondúireacht Ollscoil na Gaillimhe $79.5 milliún.
I measc na ndeontas suntasacha eile tá $18.9 milliún d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, $15.6 milliún don charthanacht leanaí Barnardos, agus $10.4 milliún don Irish Hospice Foundation.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.