Labhrann Robbie Williams faoina fhadhbanna meabhairshláinte (mental health) i sraith nua beathaisnéise (biography series).
Ní bheidh an tsraith amach go dtí an mhí seo chugainn ach tá ‘extended trailer’ ón tsraith faisnéise nua eisithe ag Netflix.
Tá an ‘trailer’ le feiceáil ANSEO.
Eiseofar an tsraith, atá i gceithre chuid, leis an ainm Robbie Williams, ar 8 Samhain. Tagann sé le comóradh 25 bliain a ghairm bheatha aonair.
Beidh na céadta uair an chloig de thaifeadtaí pearsanta agus pictiúir nach bhfacthas riamh cheana sa tsraith.
Agus maireann sé thar 30 bliain agus áirítear leis ‘rochtain eisiach (exclusive access) ar Robbie’.
Taispeánann an ‘trailer’ Williams agus é ag plé le clú agus cáil ó bheith páirteach i Take That agus é 16 bliana d’aois, go dtí na buaicphointí agus na míbhuntáistí a bhaineann le bheith ina ealaíontóir aonair.
Osclaíonn an físeán le Williams ag rá, ‘Is iontach an méid a tharla i mo shaol… ach chuir an t-am atá thart mé i gcruachás (the past has me in a headlock).’
Dírítear freisin ar streachailtí meabhairshláinte an amhránaí. Deir sé i ngearrthóg amháin go raibh ‘néarbhriseadh meabhrach (nervous, mental breakdown)’ air agus é ar stáitse ‘os comhair na mílte duine’.
Taispeántar freisin píosaí scannáin phearsanta de Williams lena bhean chéile, Ayda Field, agus a gcuid leanaí.
Is é Joe Pearlman a stiúrann an tsraith, a ainmníodh roimhe seo le haghaidh Emmy agus Bafta. Stiúraigh sé an tsraith faisnéise Netflix le déanaí, Lewis Capaldi: How I’m Feeling Now.
Tá sé léirithe ag Asif Kapadia a bhfuil Acadamy Award, Bafta agus Grammy buaite aige.
Is é Asif léiritheoir an scannáin Senna i 2010, chomh maith leis an gclár faisnéise i 2015 Amy, faoin amhránaí Amy Winehouse nach maireann.
Tá an ‘trailer’ amach anois ach ní bheidh an tsraith, atá i gceithre pháirt, ar fáil ar Netflix go dtí an 8 Samhain.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.