Tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go rachaidh an dlúthpháirtíocht (solidarity) idirnáisiúnta d’Iosrael i léig (dissipate) má théann siad ‘rófhada’ ina fhreagra ar ionsaithe a rinne Hamas le déanaí.
Dúirt sé: ‘Tá go leor dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta ann d’Iosrael faoi láthair. Creidim go dtitfidh sé sin as a chéile má théann Iosrael rófhada ó thaobh a ghníomhartha in Gaza.
‘Agus tá baol ann mar sin go dtiocfaidh borradh faoin bhforéigean sa Bhruach Thiar (West Bank) agus sa Liobáin (Lebanon) in áiteanna eile. Mar sin táimid go mór ag iarraidh srianadh (restraint).’
Ar an Satharn, sheol an grúpa míleata Hamas trodaithe trasna teorainn Gaza agus scaoil na mílte roicéid isteach in Iosrael. Creidtear gur mharaigh siad níos mó ná 1,000 duine agus gur fuadaigh siad mórán eile.
I ndíbirt (retaliation), tá Iosrael tar éis Gaza a shéalú (seal) ó bhia, uisce agus breosla, rud a chuir iallach ar 260,000 duine a dtithe a fhágáil, agus marú suas le 900 duine ann, 260 páiste ina measc, go dtí seo.
Dúirt an tUasal Varadkar go raibh uafás air faoin gcás sa réigiún.
‘Tá an-uafás orm faoin méid atá le feiceáil againn in Iosrael agus sa Phalaistín, go háirithe an díriú ar shibhialtaigh, marú ban agus leanaí agus gialla (hostages) a ghlacadh,’ a dúirt sé le RTÉ.
Dúirt an tUasal Varadkar go raibh sé de cheart ag Iosrael é féin a chosaint ó ‘naimhde’, ach go gcaithfidh aon fhreagra a bheith comhréireach.
‘Ó thaobh na hÉireann de, táimid ag rá le hIosrael, tá an ceart agat tú féin a chosaint, mar go bhfuil tú timpeallaithe ag naimhde atá ag iarraidh deireadh a chur le do shaol, ach caithfidh aon fhreagra a bheith comhréireach,’ a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.