B’éigean do bhreis agus 260,000 duine teitheadh óna dtithe in Gaza. Tá siad faoi ionsaí ag buamáil throma Iosraelach ón aer, ón talamh agus ón bhfarraige, a dúirt na Náisiúin Aontaithe.
Tháinig an nuacht chun solais ag an am céanna agus a tugadh aird ar mhéid na n-uafás a rinne Hamas ar gnáth daoine in Iosrael.
Creidtear anois gur maraíodh 1,200 Iosraelach, leanaí san áireamh. Rinne fir gunnaí Hamas ionsaí ar daoine agus iad ag sosa agus ag caitheamh aimsire, ag féile faoin aer agus ina dtithe, ar bhóithre coitianta agus i lár an bhaile.
Mar fhreagra ar sin tá Iosrael ag buamáil daoine i nGaza. Dúirt oifigigh i nGaza go raibh ospidéil agus scoileanna buailte, agus gur maraíodh 900 Palaistíneach, 260 páiste ina measc.
D’fhág troid fíochmhar na mílte marbh ar an dá thaobh ó sheol Hamas ionsaí gan choinne Dé Sathairn, rud a spreag feachtas buamála díoltais Iosrael.
Creidtear gur theith breis is 263,934 duine in Gaza óna dtithe agus tátar ag súil go n-ardóidh an líon seo tuilleadh.
Tá níos mó ná 1,000 aonad tithíochta scriosta ag an bhfeachtas buamála, agus rinneadh damáiste chomh mór do 560 acu go bhfuil siad do-áitrithe.
I measc na ndaoine easáitithe, lorg beagnach 175,500 duine foscadh i 88 scoil a bhí á reáchtáil ag gníomhaireacht de chuid na NA.
Theith níos mó ná 14,500 eile go 12 scoil rialtais, agus measadh go raibh gar do 74,000 ag fanacht le gaolta agus comharsana nó ag lorg scáthláin i séipéil agus áiseanna eile.
Tá ‘léigear iomlán’ curtha i bhfeidhm ag Iosrael ar Gaza, rud a chuir deireadh le teacht isteach bia, uisce, breosla agus leictreachas.
Agus in Iosrael, tá na saighdiúirí in aice le Gaza fós ag teacht ar na marbh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.