Tugann réaltaí na hÉireann mar Donal Skehan ómós agus Holly agus í ag éirí as This Morning

11/10/2023

Tar éis 14 bliana, teannas Schofield agus an plota fuadach (kidnap) agus dúnmharaithe líomhnaithe, deir Holly go bhfuil a teaghlach níos tábhachtaí

Thug réaltaí na hÉireann ómós do Holly Willoughby a dúirt nach bhfillfidh sí ar This Morning.

Tá an láithreoir móréilimh faoi bhrú le tamall anuas agus dúirt sí: ‘Caithfidh mé an cinneadh seo a dhéanamh dom féin agus do mo theaghlach.’

Bhí Holly, 42, ar sos sínte ón seó tar éis plota  líomhnaithe (alleged plot) chun í a fhuadach agus a dhúnmharú le cúpla lá anuas.

Cheistigh bleachtairí fear atá 36 bliain d’aois an tseachtain seo caite faoi sin.

Chuir an chonspóid a bhain le iar-chomhpháirtí Willoughby ar This Morning, Phillip Schofield, isteach ar This Morning freisin.

D’éirigh Schofield as an seó mar gheall ar chaidreamh conspóideach le comhghleacaí níos óige.

Scríobh an cócaire Éireannach Donal Skehan, a bhíonn le feiceáil go rialta ar an seó mar rannpháirtí cócaireachta: ‘An t-óstach is áille i gcónaí, nuair a bhí mé in éineacht leat – go raibh maith agat as a bheith chomh binn thar na blianta agus go n-éirí leat! Ag seoladh go leor grá.’

Chuir comhchócaire Éireannach agus rannpháirtí This Morning Clodagh McKenna phost amach ag rá: ‘Leanfaidh do réalta ag lonrú i ngach áit a théann tú ⭐️ Thug tú an oiread sin grá agus solais dúinn go léir, os comhair agus taobh thiar de na ceamaraí ♥️ Táim buíoch as gach rud a thug tú dom … Is breá liom tú, a stór Holly álainn.’

Scríobh Joanne McNally go simplí ‘Holly’ le sraith de ‘lovehearts’.

Bhí Holly i mbun an seó ar feadh 14 bliana.

Ag labhairt di ar Instagram tráthnóna Dé Máirt, dúirt sí: ‘Chuir mé in iúl do ITV inniu nach mbeidh mé ag filleadh ar This Morning tar éis 14 bliana.

‘Do gach duine a d’oibrigh riamh ar an seó thar na blianta, go raibh míle maith agaibh.

‘Is slán deacair é seo, tá sibh dochreidte agus beidh mé bródúil go deo as a bhfuil déanta againn le chéile.’

Holly Willoughby
Holly Willoughby

Dúirt sí: ‘Buíochas do gach duine ag ITV as a bheith tacúil. Do gach aoi a shuigh ar ár tolg, go raibh maith agat.

‘Agus mo bhuíochas don lucht féachana iontach. Bhí sibh chomh dílis, chomh tacúil agus ar an gcomhluadar  is fearr gach lá.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram