Tá an bhean Éireannach a chuaigh ar iarraidh tar éis ionsaí Hamas ar Iosrael, Kim Damti, marbh, de réir Nuacht RTÉ.
Bhí Kim ar iarraidh tar éis an ionsaí ag féile ceoil an deireadh seachtaine seo caite.
I ráiteas do Nuacht RTÉ tráthnóna Dé Céadaoin, dúirt a haintín Pat Cooper: ‘Le brón ó chroí, d’fhógair teaghlach Cooper bás a neacht, Kim Damti.
‘Gabhaimid buíochas leo siúd ar fad a thacaigh linn le grá agus le spreagadh le cúig lá anuas.
‘Iarraimid le meas ar na meáin ar phríobháideachas agus am seo.’
I bpostáil ar na meáin shóisialta, thug a deirfiúr Laura ómós di. Dúirt sí: ‘With great sorrow and gloomy grief, I announce the killing of our angel, our flower, Kim my blood, who was murdered by the cursed terrorists.
“Beidh an tsochraid ar siúl amárach (Déardaoin) ag 5pm i reilig Gedera.’
Bhí Kim ag ócáid cheoil i Re’im i ndeisceart Iosrael áit ar mharaigh míleataigh Hamas timpeall 250 duine.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh an tír ‘aontaithe ag caoineadh’ do Kim.
Dúirt sé freisin: ‘Bhí a bás, agus bás níos mó ná míle saoránach eile d’Iosrael agus ar fud an domhain, gan chiall agus barbarach.
“Thug Kim sonas agus áthas dá teaghlach agus dóibh siúd timpeall uirthi. Agus muid ag fáil amach faoina bás, déanaimid sos chun smaoineamh uirthi féin, ar a teaghlach in Iosrael agus in Éirinn agus orthu siúd go léir atá faoi bhrón anois.’
Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin: ‘Nuair a tháinig scéala chugainn thar an deireadh seachtaine go raibh saoránach Éireannach ar cheann de na céadta a chuaigh ar iarraidh i ndiaidh ionsaí sceimhlitheoireachta Hamas in Iosrael, bhí súil againn gan dóchas go bhfaighfí slán sábháilte í.
‘Is uafásach an scéal é go bhfuil an dóchas seo múchta anois.
‘Beidh duine ar bith a bhreathnaíonn ar ghrianghraf Kim sna meáin le cúpla lá anuas tugtha leis an fuinneamh atá ina léiriú; bean óg, 22 bliain d’aois, le saol iomlán chun tosaigh uirthi.
‘Is uafásach an rud é leanbh a chailleadh. Ní féidir cur síos a dhéanamh ar leanbh a chailleadh i gcúinsí dá leithéid.’
Labhair an tUasal Martin le teaghlach Kim chun a chomhbhrón ó chroí a chur in iúl.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.