Gearradh fíneáil de £250 (€289) ar an réalta amhránaíochta tíre Nathan Carter ag cúirt i dTuaisceart Éireann agus tá pointí pionóis tugtha dó mar gheall ar luais.
Níor tháinig Carter, atá 33 bliain d’aois, as Bóthar Cloonatrig, Béal Átha na Leice (Bellenaleck), os comhair Cúirt na nGiúistísí Inis Ceithleann (Enniskillen Magistrates Court) ach d’eisigh sé pléadáil chiontach trína aturnae as tiomáint le luas iomarcach (excess speed).
Chuala an chúirt gur chonaic patról soghluaiste (mobile patrol) póilíní i mBéal Átha na Leice carr Peugeot liath ag taisteal ar luas mór ar Bhóthar Dhoirelin (Derrylin Road) i dtreo Inis Ceithleann.
Thiomáin póilíní i ndiaidh na feithicle agus thaifead siad í a bheith á tiomáint ar luas 90msu (144csu) i limistéar 60msu (96csu).
Stop na hoifigigh an fheithicil agus chomhoibrigh Carter go hiomlán.
Dúirt an t-aturnae cosanta leis an gcúirt go raibh taifead iomlán soiléir ag a chliant agus ar an lá ‘d’ardaigh a luas gan chuimhneamh’.
‘Le buíochas, ní raibh cur as ag aon duine agus ní raibh aon timpiste nó eachtra eile ann. Ghlac sé lena chiontacht láithreach do na póilíní gan aon leithscéal.’
Dúirt an Breitheamh Dúiche Alana McSorley: ‘Is cúis imní don chúirt an luas ard, ach i bhfianaise an chaoi ar shásaigh an cosantóir an cion seo coimeádfaidh mé é seo chuig pointí pionóis.’
Mar aon leis an bhfíneáil, ghearr an breitheamh sé phointe pionóis ar cheadúnas tiomána Carter.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.