Fear gafa agus cás faoi bhean ar iarraidh athraithe go dúnmharú

10/10/2023

Tá áitreabh (property) á scrúdú san fhiosrúchán faoi Tina Satchwell a chuaigh ar iarraidh óna teach cónaithe i gCorcaigh sé bliana ó shin.

Tá fear gafa ar amhras faoi dhúnmharú Tina Satchwell, a chuaigh ar iarraidh óna teach cónaithe i gCo Chorcaí sé bliana ó shin.

Dúirt Gardaí tráthnóna Dé Máirt go bhfuil ‘uasghrádú go dúnmharú’ déanta ar an bhfiosrúchán, agus gur shéalaigh imscrúdaitheoirí (investigators had sealed) áitreabh (property) in Eochaill (Youghal), Co. Chorcaí le scrúdú teicniúil a dhéanamh.

Tá Gardaí atá ag fiosrú an dúnmharaithe i mbun cuardaigh ar an áitreabh, faoi gach urlár, tar éis forbairtí nua sa chás. Tá limistéar cosán agus draein in aice leis an áitreabh á scrúdú freisin. Déanfar iniúchadh ar ghairdín freisin.

Tá oifigeach idirchaidrimh teaghlaigh (family liaison officer)  ceaptha do theaghlach Tina Satchwell, a dúirt gardaí.

Tá an bhean, a bhí 45 bliain d’aois ag an am, ar iarraidh óna teach cónaithe in Eochaill, ón 20 Márta 2017.

Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána i ráiteas: ‘Gabhadh fear atá 50 bliain d’aois ar amhras dúnmharaithe agus coinníodh é de bhun fhorálacha Alt 4 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 ag Stáisiún na nGardaí i gContae Chorcaí.’

Dúirt urlabhraí an Gharda Síochána go bhfuil said ag iarraidh aon duine a bhféadfadh eolas a bheith acu a bhaineann leis an imscrúdú dul i dteagmháil le Stáisiún Garda Mhainistir na Corann (Midleton) ar (021) 462 1550, Líne Rúnda an Gharda Síochána ar (1800) 666111 nó aon Stáisiún Garda.

Chonacthas Mrs Satchwell go poiblí an uair dheireanach ag margadh buataisí cairr (car boot sale) i gCarraig Thuathail (Carrigtwohill), Co. Chorcaí, in éineacht lena fear céile Richard, an lá sular imigh sí.

Thuairiscigh an tUasal Satchwell go raibh sí ar iarraidh ceithre lá ina dhiaidh sin, ag glacadh leis ar dtús go raibh sí imithe chun fanacht lena teaghlach i Mainistir Fhear Maí (Fermoy).

Deir a muintir nár fhág sí Éire riamh. Tuigtear nach raibh aon sainaithint  (identification)  ag Mrs Satchwell léi, agus níor tógadh aon airgead óna cuntas bainc.

Tina Satchwell a chuaigh ar iarraidh óna teach cónaithe i gCorcaigh sé bliana ó shin
Tina Satchwell a chuaigh ar iarraidh óna teach cónaithe i gCorcaigh sé bliana ó shin

I mí na Nollag, ar 50ú breithlá na mná a bhí ar iarraidh, rinne a deirfiúr Teresa achainí poiblí ar fhaisnéis agus dúirt sí: ‘Tá a fhios ag duine éigin amuigh ansin rud éigin.

 ‘Tá a fhios ag duine éigin cad a tharla do Tina, bhí lámh in uachtar ag duine éigin uirthi.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram