Buaileadh agus maraíodh bean chéile iar-sáirsint Garda le carr a bhí gardaí sa tóir air.
Bhásaigh Carol Seery, a bhí ina 60idí, nuair a bhuaileadh í ag Droichead Cross Guns ar Bhóthar Phibsborough i mBaile Átha Cliath ag thart ar 9.10pm Dé Céadaoin.
De réir an Irish Daily Mail tá foinsí ag rá go bhfuil ‘mór-imscrúdú’ seolta faoin eachtra agus go bhfuil ‘an t-ádh ann’ nár maraíodh aon duine eile.
Tharla an tragóid ag ball dubh timpistÍ (ball dubh timpistí) sa cheantar.
Go tragóideach, bhí an bhean, a fuair bás, díreach tar éis béile a chríochnú lena fear céile. Bhí sí ag trasnú an bhóthair chun bus a fháil abhaile nuair a bhuaileadh go marfach í.
Chonaic go leor daoine, lena fear céile ina measc, an timpiste uafásach.
Rinne na seirbhísí éigeandála iarracht Ms Seery a athbheochan ag an láthair, ach in ainneoin a ndícheall a dhéanamh, fógraíodh go raibh sí marbh tamall gairid ina dhiaidh sin.
Tá Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (Garda Síochána Ombudsman Commission, GSOC) ag fiosrú na heachtra mar go raibh gardaí sa tóir ag an carr ag an am.
Níor stad tiománaí an chairr, nár tuairiscíodh gur goideadh é.
Mar sin féin, tá na gardaí tar éis píosaí scannáin CCTV a aisghabháil a mbeidh ról tábhachtach acu ina n-imscrúdú.
Dúirt Gardaí go bhfuarthas an carr – Honda Civic – tréigthe gar don láthair ar Bhóthar Avondale.
Tuairiscítear gur ceannaíodh an carr le déanaí agus go bhfuil sé fós cláraithe lena iar-úinéir.
Tá Gardaí ag iarraidh a fháil amach cé a bhí ag tiomáint an ghluaisteáin tráthnóna Dé Céadaoin.
Tar éis dóibh an tiománaí aonair a fheiceáil ag tiomáint agus ag luascadh go hearráideach, chuaigh aonad tráchta an Gharda Síochána sa tóir ar an tiománaí ar feadh tréimhse ghairid sular tharla an t-imbhualadh.
Dúirt foinse leis an Irish Daily Mail go raibh ‘an t-ádh’ ar fhear céile Ms Seery nár maraíodh é féin freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.