Tá pacáiste de €6.8 billiún molta ag Sinn Féin ina Bhuiséad féin. D’fhógair an páirtí a chuid pleananna agus an Rialtas ag ullmhú a Bhuiséad a fhógrófar Dé Máirt seo chugainn.
Dúirt an páirtí go gcuirfeadh sé €1.35 billiún ar fáil i mbearta costais mhaireachtála chun cinnteacht a thabhairt do theaghlaigh an geimhreadh seo.
Áirítear leis seo ciorrú (cut) ar an bpraghas ar féidir le soláthraithe leictreachais (electricity suppliers) táille a ghearradh ar theaghlaigh.
Choimeádfadh an t-athrú praghsanna ag leibhéil réamh-ghéarchéime go dtí Aibreán ar chostas €642 milliún.
Shínfeadh an páirtí an ráta laghdaithe dleachta máil (excise duty) do pheitreal agus díosal agus scriosfadh siad an t-ardú cánach carbóin atá beartaithe do mhí Dheireadh Fómhair.
Molann an plean caiteachais suas le €1,500 i bhfaoiseamh ús morgáiste sealadach do na teaghlaigh is mó a mbíonn tionchar ag arduithe ráta an ECB orthu.
Sholáthródh siad íocaíocht leanaí Nollag dúbailte mar aon le dúbailt ar íocaíochtaí leasa agus pinsin na Nollag.
Dúirt Urlabhraí Airgeadais Shinn Féin Pearse Doherty nach bhfuil ardú ar cháin charbóin i mbuiséad an pháirtí mar go ndéanfadh sé dochar do theaghlaigh agus d’oibrithe.
Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt sé go bhfuil an buiséad ‘faoi thógáil tithe, tá sé faoi thacaíocht a thabhairt d’oibrithe agus teaghlaigh, agus tá sé faoi infheistíocht a dhéanamh don todhchaí.
Agus an infheistíocht sin don todhchaí, baineann cuid mhór de sin le saincheisteanna an athraithe aeráide i ndáiríre’.
Maidir le billí leictreachais tí, dúirt an tUasal Doherty go bhfuil a pháirtí ag moladh an praghas is féidir le soláthraithe a ghearradh a laghdú, agus ansin soláthraithe a aisíoc, arb é ‘an cur chuige a úsáidtear i bhformhór na dtíortha ar fud na hEorpa’.
Dúirt sé go n-úsáideann an Ghearmáin agus an Ísiltír, agus go leor tíortha eile ar fud na hEorpa an cur chuige seo agus tá taraifí laghdaithe acu do thomhaltóirí.
Idir an dá linn, tá ciste €5 billiún molta ag na Daonlathaithe Sóisialta chun infheistíocht a dhéanamh i bhfuinneamh in-athnuaite chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide.
Ina Bhuiséad, dúirt an páirtí go dtabharfadh siad isteach táille ‘off-peak’ de €1 ar iompar poiblí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.