Tá sé ráite ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee ‘gur féidir leis na meáin shóisialta a bheith ina n-áit dhorcha’ tar éis do fhíseán bréige dí féin agus an Taoiseach Leo Varadkar á lámhaigh a roinnt.
Tá Aonad Bleachtaire Speisialta an Gharda Síochána ag fiosrú an físeán agus bagairtí báis a rinneadh i gcoinne airi rialtais.
Bhí bagairtí freisin ag baill den phobal gur mhian leo ‘an Dáil a chur trí thine’.
Ag labhairt di san Ionad Comhdhála (Convention Centre) i mBaile Átha Cliath tráthnóna Dé Luain, dúirt an tAire McEntee nach raibh sí chun trácht a dhéanamh ar rud éigin atá á scrúdú ag na húdaráis.
Dúirt sí, áfach: ‘Féadann na meáin shóisialta a bheith ina n-áit dhorcha uaireanta agus tá sé tábhachtach go dtuigeann daoine go mbíonn tionchar ar an mbealach céanna a ndeir siad rud éigean ar na meáin shóisialta agus a ndeir siad rud éigean go pearsanta.’
Baineadh na físeáin ó YouTube ó shin.
Ach tá físeáin bagairtí díreacha ar chomhaltaí sinsearacha na Comh-Aireachta.
I gcás amháin, deir fear ag labhairt le ceamara go gcreideann sé go bhfuil údar maith le foréigean in aghaidh chomhaltaí na Comh-Aireachta.
Tagann sé seo ag am atá sé beartaithe ag gardaí ragobair a tharraingt siar ar lá an Bhuiséid, 10 Deireadh Fómhair.
In ainneoin agóidí foréigneacha lasmuigh den Dáil, dúirt an t-Aire McEntee go bhfuil sé deimhnithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go mbeidh a dhóthain póilíneachta ar fáil.
Dúirt an tAire go bhfuil cruinnithe ar siúl an tseachtain seo, le Coimisinéir Harris agus le Cumann Ionadaithe an Gharda Síochána (Garda Representatives Association , GRA), le Cumann Sáirsintí agus Cigirí an Gharda Síochána (Association of Garda Sergeants and Inspectors , AGSI), le Ceannfoirt agus le hArd-Cheannfoirt.
‘An rud atá fíor-shoiléir anseo ná go bhfuil an cuspóir céanna ag gach éinne,’ a dúirt sí.
‘Is éard atá i gceist againn ná uainchlár (roster) nua a idirbheartú, nach bhfanaimid ar an uainchlár reatha Covid, agus nach bhfanaimid ar aon uainchláir roimhe seo.
‘Tá an cuspóir céanna ag gach éinne anseo, tá gach éinne fós ag teacht le chéile an tseachtain seo, ainneoin go mbeidh dúshláin ann sna seachtainí amach romhainn.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.