Shábháil an Roinn Coimirce Sóisialaí (Department of Social Protection) níos mó ná €360 milliún in íocaíochtaí leasa shóisialaigh i mbliana ó dhaoine a mheastar a bheith neamh-incháilithe chun iad a fháil.
Tá coigilteas (savings) iomlán de €361 milliún déanta ag an Roinn ó thús na bliana seo go deireadh Lúnasa, agus ba é an figiúr iomlán don bhliain seo caite ná €480 milliún.
Dúirt an Roinn go bhfuil níos mó ná 475,000 athbhreithniú déanta acu go dtí seo i mbliana.
Ba é líon iomlán na n-athbhreithnithe don bhliain seo caite ná 558,000.
Bhí coigilteas Jobseeker’s Allowance chomh hard le €91 milliún agus fuair cigirí coigilteas €66 milliún i bpinsin freisin.
Dúirt urlabhraí: ‘Déanann an Roinn raon de bhearta rialaithe ar fud a scéimeanna go léir chun calaois a dhíspreagadh.
‘Áirítear leo seo seiceálacha ag céim na íocaíochtaí agus athbhreithnithe ina dhiaidh sin.’
B’ionann coigilteas i ‘child benefit’ agus €48 milliún; B’ionann íocaíochtaí a bhain le breoiteacht (illness) agus €46 milliún; íocaíocht teaghlaigh aontuismitheora (one-parent family) €39 milliún; agus liúntas cúramóra (carer’s allowance) €38 milliún, agus bhí an coigilteas eile scaipthe thar roinnt íocaíochtaí eile.
Is státseirbhísigh iad cigirí leasa a chuirtear amach le hathbhreithniú a dhéanamh ar dhlisteanacht éileamh daoine.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.