Tá rabhadh tugtha ag saineolaithe riospráide (respiratory experts) go bhfuil géarghá le cosc ar galtoitín indiúscartha (disposable vapes).
Dúirt na saineolaithe go bhféadfadh rioscaí sláinte suntasacha fadtéarmacha a bheith ag galtoitín indiúscartha (disposable vapes)do leanaí agus do dhaoine óga a bhfuil a n-inchinn agus a gcolainn (brains and bodies) fós ag forbairt.
Tá sé ráite ag Dámh na Péidiatraiceacha ) Faculty of Paediatrics) i gColáiste Ríoga Lianna na hÉireann (Royal College of Physicians of Ireland, RCPI) go bhfuil méadú ag ráta ard ar úsáid galtoitín i measc daoine fásta óga (young adults) agus déagóirí agus dúirt siad go léiríonn fianaise gur mór an seans go mbogfaidh daoine a úsáideann galtoitín ar aghaidh le caitheamh toitíní traidisiúnta.
Dúirt an tOllamh Des Cox, comhairleoir i míochaine riospráide péidiatraiceach (paediatric respiratory medicine) a dhéanann ionadaíocht ar dhámh na péidiatraice ag an RCPI, go bhfuil an imní maidir leis an leacht (liquid ) a úsáidtear i ngaltoitíní mar go bhfuil nicotín iontu.
Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt sé go bhfuil a fhios go bhfuil cáithníní díobhálacha (harmful particles) i nicotín, agus i leanaí agus daoine óga, go bhféadfadh sé seo cur isteach go mór ar a n-inchinn atá fós ag forbairt.
Dúirt sé gurb iad galtoitíní indiúscartha an rogha is mó do dhaoine óga agus is é sin an fáth go bhfuil an RCPI ag iarraidh go gcuirfí an cosc i bhfeidhm.
Dúirt sé: ‘Is é an r-leacht (e-liquid) an fáth go bhfuil imní ar péidiatraiceoirí.
‘Nuair a dhéanann tú ionanálú is nicotín den chuid is mó atá sa leacht, ach tá blastáin agus táirgí eile ann freisin nach bhfuil go maith chun na scamhóga a fhás.’
Dúirt sé: ‘Leanaí agus ógánaigh agus daoine fásta óga suas go dtí 25 bliana d’aois, tá a n-inchinn agus a scamhóga fós ag forbairt.
‘Is cúis mhór imní dúinn mar sin go bhfuil leanaí agus ógánaigh ag déanamh damáiste dóibh féin san fhadtréimhse.’
Thug an tOllamh Cox foláireamh nach gcumhdóidh reachtaíocht phleanáilte (planned legislation) galtoitíní indiúscartha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.