Plean ag The Edge le haghaidh a theach i Dalkey

28/09/2023

Tá The Edge ag iarraidh teach folctha (bath house), bothán slándála (security hut) agus teach nua dá theaghlach a chur ar shuíomh 2.75 acra i Deilginis (Dalkey)

Tá pleananna curtha isteach ag The Edge do theach teaghlaigh nua do Sorrento Cottage i Deilginis (Dalkey) i ndeisceart Bhaile Átha Cliath.

Tá na pleananna faoina fhíorainm, David Evans atá i Las Vegas faoi láthair roimh shraith ceolchoirmeacha U2 oíche Dé hAoine.

Tá sé ag iarraidh an teach a athchóiriú agus é a thógáil ar thrí leibhéal.

Agus tá an togra déanta breis is dhá scór bliain tar éis dó teipeadh cead a fháil chun an suíomh ar Bhóthar Vico agus Bhóthar Sorrento a fhorbairt. Tá sé os cionn Chuan Chill Iníon Léinín (Killiney Bay).

Áirítear le plean nua ODAA Architects stiúideo taifeadta agus teach folctha ar leith ina bhfuil  ‘plunge pool’ agus ‘sauna’.

Tá Sorrento Cottage folamh ó lár na 1990idí agus tá sé ráite ag ODAA Architects leis an gComhairle gurb é an sainchúram a bhí orthu ‘an struchtúr reatha a thabhairt ar ais in úsáid mar phríomháit chónaithe ár gcliant’.

Dúirt siad go mbeadh ‘tionchar dearfach aige ar charachtar amhairc an cheantair’.

Ar phlean don suíomh R 2.75 acra  – atá in aice le Sorrento Terrace  – tá bothán slándála agus ‘riachtanais sábháilteachta do theaghlaigh Evans a bhaineann le gairm ardphróifíle an Uasail Evans’.

The Edge
The Edge

‘Tá sé éigeantach sábháilteacht  24 uair an chloig a chur ar fáil ar an láthair,’ a dúirt siad.

Beidh ‘cistine oscailte ann agus áit chónaithe (living area) nasctha leis ann.

Áiríonn an plean scartáil (demolition) ar roinnt struchtúr lena n-áirítear síntí (extensions) aon stóir, teach gloine, garáiste agus stórais seachtracha.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram