Fear agus bean thíos le ‘gortuithe tromchúiseacha’ tar éis ionsaí madra i mBaile Átha Cliath

28/09/2023

‘D’fhulaing an fear gortuithe tromchúiseacha don aghaidh

Tá cóir leighis á cur ar fhear agus ar bhean san ospidéal tar éis dóibh ‘gortuithe tromchúiseacha’ a fhulaingt in ionsaí madra i dteach i mBaile Átha Cliath.

Tharla an t-ionsaí i gceantar Rutland Avenue i gCromghlinn (Crumlin) thart ar 12.30pm Dé Máirt.

Dúirt urlabhraí de chuid na nGardaí le ExtraG.ie go bhfuil an madra a bhí páirteach san ionsaí curtha síos ó shin.

Dúirt urlabhraí go bhfuair Gardaí i gCromghlinn glaoch chun freastal ar áit chónaithe sa cheantar Dé Máirt thart ar 12.30pm.

Dúirt siad gur cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála tar éis ‘fear agus baineann a ghortú mar gheall ar mhadra’.

‘Tógadh an bheirt chuig an ospidéal le haghaidh cóireála leighis,’ a dhearbhaigh urlabhraí.

‘D’fhulaing an fear gortuithe tromchúiseacha don aghaidh agus gortaíodh an baineannach dá lámh.

‘Ghabh an maor madraí (dog warden) áitiúil an madra ina dhiaidh sin agus tá sé scriosta ó shin.’

Ní fios fós cén cine madraí a bhí páirteach san ionsaí.

I mí Feabhra, fágadh fear, atá ina 70idí, gortaithe go dona tar éis ionsaí a dhéanamh air ag madra in Inis Córthaidh (Enniscorthy), Co. Loch Garman.

Anuraidh, bhí Alejandro Miszan, a bhí naoi mbliana d’aois ag an am, gortaithe go dona ag pitbull agus é ag súgradh lena chairde in eastát tithíochta in Inis Córthaidh.

Bhí aghaidh Alejandro stróicthe agus rinne sé damáiste mór gar dá shúil chlé agus bhí sé gortuithe tromchúiseacha ar a chos.

Tar éis na heachtra sin dúirt Micheal Martin, a bhí ina Thaoiseach ag an am, leis an Dáil: ‘Tá peataí againn go léir ach níl aon ghá leis seo agus ní mór é a scrúdú go dáiríre. Rachaidh mé ar ais chuig an Aire chun scrúdú a dhéanamh ar cibé cur chuige tras-Rannach ba cheart dúinn a ghlacadh.

‘Is é an chéad rud atá le déanamh ná a chinntiú go bhfuil forfheidhmiú (enforcement) ann.’

Idir an dá linn, tá sé ráite ag Príomhaire na Breataine, Rishi Sunak, go gcuirfear cosc ar mhadraí American XL Bully faoi dheireadh na bliana.

Spreag an t-athrú dlí de bharr roinnt ionsaithe borb, lena n-áirítear ar leanaí.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram