Tá sceithirí (whistleblowers) ag lorg eolais faoin iarracht a rinneadh le déanaí ar bhriseadh isteach ag ceanncheathrú an GSOC, dar leis an Irish Daily Mail.
Is é an GSOC an grúpa a dhéanann imscrúdú ar ghardaí agus tá roinnt daoine tar éis scríobh chucu mar gheall ar ábhar an-íogair (very sensitive) ina seilbh.
Agus an tseachtain seo fiafróidh TD de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly den Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee, sa Dáil, dearbhú a thabhairt nach raibh aon cuir isteach ar chomhaid cháis (case files) ag an am.
Tá dearbhú (assurance) ag teastáil uaidh freisin nár bhain gardaí amach, nó nár chuir siad leis nó nár chuir siad isteach ar aon cheann de na comhaid i seilbh an GSOC mar chuid d’imscrúduithe atá leanúnacha nó atá dúnta.
Tharla an briseadh isteach ag ceanncheathrú Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (Garda Síochána Ombudsman Commission, GSOC) ar maidin Déardaoin, 7 Meán Fómhair.
Tá ceisteanna Dála curtha síos ag an iar-Aire an tUasal Kelly ag lorg eolais ón Aire McEntee faoin eachtra.
Tá grinnscrúdú déanta ag an Uasal Kelly ar chúrsaí slándála atá thar a bheith íogair, faoi phribhléid na Dála, maidir le himní faoi sceithirí.
Iarrfaidh sé ar an Aire Dlí agus Cirt a ‘chinntiú don Teach nár cuireadh isteach ar aon chomhaid cháis (case files) a bhí i seilbh an GSOC mar thoradh ar an iarracht a rinneadh le déanaí ar bhriseadh isteach sa GSOC ar maidin Déardaoin, an 7 Meán Fómhair, agus an dtabharfaidh an tAire ráiteas don Teach ar an ábhar’.
D’ardaigh sé ábhar eile freisin ina n-iarrann sé ar an Aire a chinntiú don Dáil ‘le linn dúnadh sealadach oifigí an GSOC le linn imscrúdaithe an Gharda Síochána ar an iarracht ar bhriseadh isteach, níor bhain, níor cuireadh leis nó níor cuireadh isteach ar aon cheann de na comhaid agus na hábhair i seilbh an GSOC mar chuid dá imscrúduithe atá leanúnacha nó atá dúnta’.
Tharla an briseadh isteach díreach dhá lá tar éis comhad a sheoladh chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) tar éis imscrúdú GSOC ar neamhrialtachtaí (irregularities) airgeadais ag Coláiste Oiliúna an Gharda Síochána sa Teampall Mór (Templemore Garda Training College), i gCo. Thiobraid Árann.
Chuir Coimisinéir an Gharda Síochána, ag an am, Nóirín O’Sullivan, an cheist faoi bhráid an GSOC i mí an Mheithimh 2017, tar éis do neamhrialtachtaí tromchúiseacha airgeadais a bheith faoi deara le linn iniúchadh inmheánach ar an gcoláiste.
Thuairiscigh an Irish Daily Mail freisin go ndearna iarcheannasaí acmhainní daonna an Gharda, John Barrett – an sceithire a nocht na gníomhaíochtaí sa Teampall Mór – iarrachtaí arís agus arís eile cuidiú le himscrúdú an GSOC.
Mar sin féin, níor cuireadh faoi agallamh é ach ar feadh uair an chloig le linn fhiosrúchán sé bliana an Ombudsman.
Tuigtear go bhfuil finnéithe a chomhoibrigh leis an GSOC ar an imscrúdú seo ina measc siúd a d’ardaigh a n-imní leis an GSOC.
Scríobh roinnt daoine a chomhoibrigh leis an GSOC chucu le cúpla lá anuas ag lorg dearbhuithe (assurances) maidir le sábháilteacht a gcuid comhad.
Dar leis an Irish Daily Mail, dúirt foinse atá gar dóibh siúd a bhfuil comhaid acu san oifig: ‘Níl siad ag déanamh líomhaintí i gcoinne gardaí aonair ach ar ndóigh is mór an imní é aon sárú ar dosháraitheacht (sanctity) na n-oifigí seo, go háirithe nuair a bhíonn fórsa an Gharda Síochána i gceist.
‘Ba é an impleacht ar dtús gur iarracht neamhthábhachtach briseadh isteach a bhí anseo, ach tá na Gardaí ag tagairt anois dó mar “bhriseadh isteach”.
‘Bhí na pluiméirí [buirgléirí] a bhris isteach sa Watergate le feiceáil mar “clowns” ar dtús ach de réir mar a tháinig rudaí chun cinn ba léir go raibh sé an-tromchúiseach ar fad.
‘Ba mhaith linn freagraí a fháil ón GSOC anois.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.