Tá an chuid is mó den bhruscar ‘á chur sa bhosca bruscair mícheart’ agus anois tá brú le haghaidh níos mó boscaí bruscair orgánaí a thabhairt chuig gach ceantar cónaithe.
Má dhéantar é sin cuirfidh níos mó daoine an bruscar cheart sa bhosca bruscair ceart, agus sábhálfaidh siad airgead.
Bhí níos mó ná dhá thrian den ábhar sna boscaí bruscair ginearálta á chur sa bhosca bruscair mícheart.
In ionad é a chur sna boscaí bruscair ginearálta ba cheart é a chur sna boscaí bruscair athchúrsála (recycling) nó boscaí bruscair orgánaí, a dúirt an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Environmental Protection Agency, EPA).
Is gnách go ngearrann cuideachtaí dramhaíola ardphraghas ar an mbosca bruscair ginearálta nach ghearrann siad ar an mbosca bruscair athchúrsála, mar sin bíonn teaghlaigh a chuireann plaisteach sa bhosca bruscair ghinearálta ag íoc níos mó as a gcuid botún.
Dúirt an EPA go dteastaíonn níos mó tacaíochta agus oideachais ón tionscal dramhaíola (waste industry) ag líonta tí agus an earnáil tráchtála (householders and the commercial sector), agus dúirt siad gur beag athrú a bhí ar an méid a bhí daoine agus gnólachtaí ag cur isteach ina gcuid boscaí bruscair thar na blianta.
Maidir le boscaí bruscair cónaithe (residential), ba iad bruscair bhia, plaisteach agus clúidíní (nappies) na trí ábháir bruscair ba mhó a cuireadh sna boscaí bruscair.
Dúirt an EPA nach bhfuil boscaí bruscair orgánacha bia ag na mílte teaghlach agus gnólachtaí, rud a fhágann nach féidir bruscar bia a leithscaradh (segregate) i gceart.
Dúirt siad go bhfuil siad ag éileamh ar thionscal na dramhaíola boscaí brúscair orgánaí a eisiúint in áiteanna nach bhfuil aon cheann ann, mar limistéir chónaithe (residential areas), agus d’iarr siad ar thionscal na dramhaíola tacú le feachtais chun an obair sin a dhéanamh níos éasca do daoine.
Fuarthas amach i dTionscadal Tréithrithe Dramhaíola Bardasach Náisiúnta (National Municipal Waste Characterisation Project) de chuid an EPA, a dhéantar gach ceithre bliana, go bhfuil 64% den brúscar bia a ghineann teaghlaigh á cur i mboscaí brúscair ginearálta, agus nach bhfuil ach 32% á chur sna boscaí bruscair orgánaí.
Tá dualgas ar gach teaghlach bailiúchán brúscair orgánach ar leith a bheith acu ó dheireadh 2023 trí Threoir Dramhaíola an AE, agus ceanglaítear le rialacháin dramhaíola na hÉireann go mbeadh bailiúchán dramhaíola orgánach ar leith ag gach áitreabh tráchtála ó mhí Iúil.
Fuarthas amach sa staidéar freisin nach bhfuil ach 69% de theaghlaigh atá bosca brúscair orgánaí, agus go gcuirtear 65% den phlaisteach ag teaghlaigh i mboscaí brúscair ginearálta, ní chuirtear ach 31% in athchúrsáil (recycling).
Maidir lena bhfuil á chur sna boscaí bruscair ginearálta, d’fhéadfaí 64% den méid a bhí á chur sna boscaí bruscair sin a chur i mboscaí athchúrsála nó orgánaí.
Chun treoir a fháil ar tháillí boscaí bruscair cuideachtaí éagsúla cliceáil ANSEO
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.