Gabhadh 13 tar éis bagairtí ar TDeanna ag an Dáil

Scairt grúpaí den eite dheis maslaí, d’iompair siad ‘noose’ le pictiúir airí agus TDeanna air agus bhrúigh siad iad

B’éigean do Ghardaí TDeanna agus seanadóirí a thionlacan amach as Teach Laighean mar gheall ar agóidí ar Dé hAoine.

Bhí TDeanna faoi bhrú le lucht agóide ag béicíl agus ag brú orthu agus ghabh Gardaí 13 duine i rith an lae maidir le agóidí timpeall na Dála.

Tá oifigeach sinsearach den Gharda Síochána ceaptha chun na heachtraí a fhiosrú.

Dúradh le polaiteoirí gan an coimpléasc a fhágáil ag pointe amháin mar go raibh agóidí ar siúl ag an dá bhealach isteach.

Tháinig an Dáil ar ais tar éis shos an tsamhraidh agus bhí roinnt agóidí ar siúl lasmuigh de Theach Laighean.

Mar sin féin, bhí cuid de na agóidí ó ghrúpaí den eite dheis imeaglaithe agus bagrach (intimidating and threatening).

Agus i bhforbairt chontúirteach amháin, cuireadh sealán na croiche (hangman’s noose) bréige ar taispeáint le híomhá d’fhear ar crochadh.

Thaispeáin físeáin a roinneadh ar na meáin shóisialta go raibh bac sealadach ar roinnt Teachtaí Dála dul isteach san fhoirgneamh agus Gardaí á dtionlacan isteach, agus lucht agóide ag glaoch ‘scumbags’ agus fealltóirí (traitors) ar na Teachtaí Dála agus rudaí eile.

Thaispeáin físeán a roinntear ar Twitter (X) an tUasal Healy-Rae, TD neamhspleách Chiarraí, le beirt Ghardaí, agus thosaigh lucht agóide ag teacht ina thimpeall.

Rinne fear amháin iarracht seasamh os comhair an Uasail Healy-Rae sular bhrúigh Gardaí as an mbealach é.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh an tUasal Healy-Rae ag malartú focal le hagóideoir amháin sular brúdh sa chúl é, agus é féin agus na Gardaí ag leanúint síos sráideanna Bhaile Átha Cliath agus iad á gciapadh (harassed) go leanúnach.

Ba chosúil go raibh daoine eile ag caitheamh rudaí ag an TD, agus beagnach bhuail cuid acu é, agus é ag iarraidh siúl síos an tsráid.

Bhí an chuma air go raibh agóideoir amháin ag béicíl ar an Uasal Healy-Rae ‘imeacht amach as ár dtír,’ agus cloistear duine eile ag glaoch ‘c**t’ air.

Chuir duine a roinn an scannán ar Twitter (X) síos ar na radhairc mar ‘lá dorcha do dhaonlathas na hÉireann’.

Ghlaoigh baill na grúpaí ar dheis canúintí éagsúla faoi chearta trasinscne (transgender rights), inimirce (immigration) agus dlíthe fuathchaint molta (hate speech laws).

I bhforbairt úfasach  amháin, bhí sealán na croiche (hangman’s noose) bréige le híomhá d’fhear ar crochadh.

Agus air sin bhí portráidí de pholaiteoirí lena n-áirítear an Taoiseach Leo Varadkar agus ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald.

Michael Healy-Rae agus TDeanna eile faoi bhrú
Michael Healy-Rae agus TDeanna eile faoi bhrú

Bhí íomhánna den Aire Fiontair Simon Coveney, an tAire Oideachais Norma Foley agus an tAire Leanaí Roderic O’Gorman mar chuid den taispeántas freisin, chomh maith le grianghraif de TDeanna Paul Murphy agus Bríd Smith, agus urlabhraí Shinn Féin ar thithíocht Eoin Ó Broin.

Gabhadh beirt fhear faoin Acht um Ord Poiblí le linn na n-agóidí agus tá siad cúisithe as a bheith os comhair cúirte.

B’éigean Leabharlann Náisiúnta na hÉireann in aice láimhe a dhúnadh dá bharr.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram