Tá achrann idir an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn agus an Tánaiste Micheál Martin mar gheall ar na Náisiúin Aontaithe.
Tá na Náisiúin Aontaithe ‘ag cailleadh creidiúnachta’, a dúirt an tUachtarán Ó hUigínn i dtuairimí a tharraing cosaint ar an eagraíocht ón Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin.
Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go bhféadfaí na Náisiúin Aontaithe a shábháil trí thionchar tíortha ar nós na hÉireann ‘nach bhfuil aon aidhm nó uaillmhian eile acu seachas domhan sábháilte, inbhuanaithe, síochánta’ a bheith ann.
Dúirt an tUasal Martin, áfach, go raibh na NA ‘i bhfad ó bheith neamhábhartha’ cé go raibh gá le hathchóiriú ar an eagraíocht.
Bhain an tUachtarán úsáid as a aitheasc tosaigh ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta (National Ploughing Championship) i Ráth an Uisce, Co. Laoise, chun na NA a cháineadh.
Labhair sé nuair a bhuail ceannairí polaitiúla lena n-áirítear an Taoiseach Leo Varadkar ag ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, chun ceisteanna a phlé lena n-áirítear ionradh na Rúise ar an Úcráin, cogadh agus athrú aeráide.
‘Níos mó agus níos mó, tá na Náisiúin Aontaithe ag titim, ag cailleadh creidiúnachta,’ a dúirt an tUachtarán Ó hUigínn.
‘Ní féidir leis cogadh a stopadh, níl sé in ann deireadh a chur leis an ngorta, níl sé in ann coinbhleachtaí a stopadh, níl sé in ann an imirce a bhainistiú.’
Dúirt an Tánaiste, atá ag freastal ar an gcomhthionól freisin, go raibh claonadh ag daoine smaoineamh ar na NA i gcomhthéacs a chomhairle slándála (security council) i Nua-Eabhrac.
Dúirt sé go raibh an eagraíocht ‘i bhfad, i bhfad níos mó ná sin’. Luaigh sé obair na NA maidir le dídeanaithe agus soláthar faoisimh do na Palaistínigh i gcampaí san Iordáin, in Gaza agus ar an mBruach Thiar (West Bank) chomh maith leis an gClár Bia Domhanda.
Dúirt sé ar go leor bealaí, áfach, go ndearna an chomhairle slándála ionadaíocht ar an ord domhanda tar éis an dara Cogadh Domhanda agus go raibh gá le hathchóiriú.
Agus dúirt an tUasal Varadkar go raibh comhairle slándála na Náisiún Aontaithe ‘as dáta go mór’.
Dúirt an tAire Comhshaoil agus Ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan gurbh iad na Náisiúin Aontaithe an t-aon mheicníocht chun déileáil le go leor d’fhadhb an domhain.
‘Ní hé na Náisiúin Aontaithe foinse na faidhbe. Is é foinse na faidhbe ná an easpa uaillmhéine sa rialtas náisiúnta agus an easpa uaillmhéine chun an luas athraithe a theastaíonn uainn a dhéanamh.’
Tá ceannairí domhanda ag bailiú le chéile ag comhthionól na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac an tseachtain seo.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.