Tá Rónán Mac Aodha Bhuí ar shlí na fírinne. Bhí an craoltóir aitheanta 53 bliain d’aois agus bhí sé tinn ar feadh tamall mhaith.
Bhí meas mór ag lucht éisteachta RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Rónán go háirithe as na cláir spraíúil a bhí baint aige leis. Bhí baint mhór aige leis an ghluaiseacht chearta teanga freisin, agus bhí baint láidir ag Rónán le pobal Gaeilge an Tuaiscirt.
Mar sin féin, ba i gCorcaigh a rugadh Rónán agus ba i gCois Cláidí i nGaoth Dobhair a tógadh é. Chuaigh sé ar an bhunscoil i nGaoth Dobhair.
Chuaigh Rónán go Baile Átha Cliath nuair a bhí sé seacht mbliana déag d’aois chun tabhairt faoi chúrsa iriseoireachta, áit ar thosaigh sé ag craoltóireacht, ar dtús le stáisiún raidió neamhdhleathach NSCR.
Bhog sé ar dtús go Century Radio mar léitheoir nuachta Gaeilge agus ansin fuair sé post in RTÉ, agus bhí sé ar an chlár teilifíse Scaoil Amach an Bobailín le Bláthnaid Ní Chofaigh.
In a dhiadh sin bhí clár laethúil ag Rónán d’arb ainm Cois Life ar Raidió na Gaeltachta.
Reáchtáladh sé go leor ócáidí Gaeilge nuair a bhí sé I mBaile Átha Cliath. Bhunaigh sé An Ciorcal Craiceáilte agus d'eagraíodh sé féilte i nGaeltacht Ráth Chairn.
I 1997, d'fhill sé ar Ghaoth Dobhair agus thug sé faoin chlár Rónán Beo ar Raidió na Gaeltachta. Rinne sé cláir theilifíse do RTÉ agus do TG4 chomh maith.
Nuair a fuair sé amach ceithre bliana ó shin go raibh ailse air bunaíodh feachtas GoFundMe ar a shon le go bhfaigheadh sé cóireáil leighis thar lear.
Fuair sé bás sa bhaile agus a dhaoine muinteartha ina chuideachta. Maireann a chéile Bernie agus a n-iníon Fionnuala.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.